Seo rann a tháinig anuas chugainn mar nóta imill sa Leabhar Breac.
Ni mochin
nech nosfothraic natib dig ;
Phléigh mé an chéad leathrann seo anseo.
Ach d'fhág mé an dara leathrann gan phlé. Is mithid é a phlé anois.
Maidir leis an litriú, níl ach nod amháin sa dá líne seo, an rud atá beagán cosúil leis an uimhir 3. Seasann sé seo do ‘-us’.
Tá rud eile sa rann seo nach bhfuil againn níos mó sa teanga: an forainm iontáite. Focal ilchruthach é an créatúr seo: no-s-B, dian-os-B, no-dus-B, man-us-B, nach-as-B. Is ionann an chuid throm díobh seo agus “him” nó “himself”. Tagann an briathar “B” ina dhiaidh.
Dála an scéil, is sampla maith de Mheán-Ghaeilge é seo.
I enjoyed that for many reasons!
ReplyDeleteNa forainmneacha iontáite go háirithe, gan dabht!
ReplyDeleteTá trí bhriathar againn sa rann seo:
fothraicid = folcann, níonn
ibid = ólann
téigid = téann, éiríonn te, déanann te
Feileann 'téigid' go maith mar bhriathar do mo dhuine san fholcadán...
ReplyDeleterinne mé iarracht -
ReplyDeletedian-o(i)s ibe no-dus teige
man-us teige nach-as ib.()
an bhfuil comhardadh ann!
Sin agat é. Níl sa dá líne seo ach ceithre “verbal complexes” (nó “carn an bhriathair”, mar atá ag focal.ie -- is aistiriúchán úrnua é sin, go bhfios dom) :
ReplyDeletedianos·ibe nodus·teige
manus·teige nachas·ib
Tá comhardadh slán ann idir “dig” ag deireadh an dara líne agus ”·ib ag deireadh an ceathrú líne.
Beidh orm níos mó a rá faoi seo uilig, ach orm an dinnéar a ullmhú anois. “Slánnnn tamaill,” mar a deir Míshásta.
Ní mochen
ReplyDeletenech nos·fothraic nád·ib dig;
dianas·ibe nodas·téige
manas·téige nachas·ib.
Ní mochean (.i. sona, fortúnach)
neach a fholcann é féin nach n-ólann deoch;
má ólann téann sí é
mura dtéann níor ól sé í.
Sea go deimhin, na forainmneacha iontáite. Fuair tú é ceart go leor!
ReplyDelete