04 Aibreán 2010

“chiacchiericciò”



Níl sa scannal faoi pholasaí fadtéarmach na hEaglaise i dtaobh na sagart a d'éignigh páistí ach “il chiacchiericciò del momento” dar leis an gCairdinéal Angelo Soldano agus é ag tabhairt comhairle don Phápa. Céard go díreach is ciall le “chiacchiericciò”?

cabaireacht
dúirse dáirse
commérages
Geschwätz
petty gossip

Is léir anois nach féidir le cairde an Phápa a mbéal a oscailt gan a mbróga Prada a chur ann.

9 comments:

  1. Is amhlaidh is fearr é, dar liom.

    Dá mbeadh ceannairí na hEaglaise glic agus sleamhain i cumadh fuaimghreimeanna, ní bheadh siad ag feidhmiú i gceart.
    Ach pé scéal é, is cuma cad a deir nó nach ndeir siad faoi láthair, bainfear casadh as, agus leanfar leis an áibhéil.

    Deirtear linn fós gur "cruthú" é cás Galileo go bhfuil an Eaglais naimhdeach don eolaíocht. Nach iontach nach bhfuil ach an t-aon cás amháin luaite leis an naimhdeas seo? Agus neamhaird déanta de na heolaithe móra arbh cléirigh dílse iad?

    Níos mó ar bhlag s'agamsa ar ball. Ní oireann ceist chasta, ilghnéitheach do tráthanna gairide na meáin.

    ReplyDelete
  2. Is mionrud gan tábhacht é seo sub specie aeternitatis, an é sin é? Is trua faoi na híospartaigh, ach bíodh ciall againn: ní tada iad i gcomórtas le grandeur síoraí na hEaglaise??

    - Athchoiríu institiúideach?
    - Fastaím!

    - Gníomh croíbhrú inchreidte?
    - Idir muidne agus Dia é sin. Tabhair aire do do ghnóthaí féin.

    - Sagairt a thabhairt do na péas?
    - Ababú!

    ReplyDelete
  3. Ní mionrud aon choir. Is ceart cúirt a chuir ar aon duine atá ciontach i mí-úsáid gasúr. Is ceart cúirt a chuir ar aon duine atá ciontach as coir a cheilt.

    Ach is ceart é sin a dhéanamh i gceart, le fianaise, le coiste agus de réir dlí.

    Ní i cúirt na meáin, nach spéis leo i gcónaí na fíricí seachas an ceannlíne mothaitheach.

    ReplyDelete
  4. Feicim anois go bhfuil an mír a scríobh mé lochtach, gur theip orm an méid a bhí uaim a chuir in iúl, a chuir in iúl. Tá aguisín curtha agam leis.

    ReplyDelete
  5. Bheadh sé ceart mar sin Rev. Joseph Palanivel Jeyapaul a chur ar ais go Minnesota lena “lá sa chúirt” a fháil, raight? Ní hé an New York Times a chúisigh é, tar éis an tsaoil.

    ReplyDelete
  6. Ba cheart caitheamh leis mar a chaithfí le haon saoránach eile. Cuimsíonn sé sin a cheart an fianaise ina aghaidh a bheith profa i gcúirt san India, sula n-eiseachadtar é, más sin breith na cúirte.

    Is léir ón scéal sin go bhfuil sé ar fionraí go dtí mbíonn an cás soiléirithe.

    Nó an amhlaidh gur leor an líomháin chun é a fhógairt ciontach?

    ReplyDelete
  7. agus beidh.

    Fós ní fheicim aon cheilt sa chás seo. Tógann cás dlí am. Thóg sé 30 bliana orthu eiseachadh Polanski a lorg - agus d'admhaigh seisean go raibh sé ciontach.

    ReplyDelete