Tá ár laoch calma, Mac Con Glinne, i dtír na mbianna anois, ag caint leis an Scál. Comhairlíonn an Scál dó dul go dtí díseart an Fháthlia, mar a bhfaighidh sé delicatessen iontach.
“Regut ém,” or Mac Con Glinne, “7 tabair soscéla immum.”
“Rachaidh mé mar sin,” arsa Mac Con Glinne, “agus tabhair soiscéil umam.”
“Do-bérthar,” ol in Scál, “.i. soscéla do thirm-cháisi c[h]ethar-ochair c[h]utrumma, 7 gébthair mo p[h]ater-sa fodén imut, 7 ní-s tadaill athgéri nó occuras int-í ima ngabar hí.”
“Tabharfar,” arsa an Scál, “soiscéil de thirim-cháis cheathair-thaobhach chomhchruthach, agus gheofar mo phaidir-se féin umat, agus níor theagmaigh gorta ná ocras riamh leis an té a ngabhtar uime í.”
Cáis chrua chearnógach? Níl ach cáis amháin mar sin ann ar feadh m'eolais: el queso mahón a dhéantar i Mionarca. An bhfuil blas naofa uirthi? Níor bhlais mé féin an cháis seo riamh, ach rachaidh mé sa tóir uirthi anois!
Agus arbh de shliocht Gaelach mahón?
ReplyDeleteTá cuma bhlasta air pé scéal é. Beatha duine a mhian!
De shliocht Púnach, de réir dealraimh. Ainmníodh an chathair Mahón as Mago(n) Barca.
ReplyDelete