19 Aibreán 2010

an crosán



Seo ↗ mar a shamhlaigh Darach Ó Scolaí an crosán darbh ainm An Ceithearnach Caolriabhach ina leagan den scéal sin. Agus seo an cur síos air sa téacs:

Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh nochtaithe taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat, agus bonsach bhonnloiscthe choill ina dheaslámh aige.

Agus seo cur síos ar Mhac Con Glinne, an mórchrosán eile inár litríocht, ag brostú leis chuig teach Phiocháin, mar a ndearna sé “cáintecht 7 bragitóracht 7 duana la filidecht” (.i. aoir is abhlóireacht is duanta le filíocht):

Luid Mac Con Glinne iarum co dedbirech díscir déinmnetach, 7 tócbais a lummain coíc-diabulta cengalta i fán a dá gualand, 7 cenglaid a lénid os mellaib a lárac, 7 cingis dar fiarlaít na faithchi fon samail-sin co tech Pichán meic Moíle Finde.

Chuaigh Mac Con Glinne ansin go deifreach dána mífhoighneach, agus thóg sé a bhrat cúigfhillte (a bhí) ceangailte ar a dhá fhiarghualainn, agus cheangail sé a léine os cionn meallta a thóin, agus shiúil sé trasna na faiche sa riocht sin go dtí teach Phiocháin.

Agus níor tháinig éinne roimhe nó ina dhiaidh a bhí níos fearr ná é mar chrosán (dar leis an scéal).

2 comments:

  1. Fuair mé an seanchomhrá ó Dhaltaí maidir leis an "gcrosán":

    http://www.daltai.com/discus/messages/13510/19764.html?1161600525

    ReplyDelete
  2. Tá alt fada faoin gcrosán in Celtic Culture: a Historical Encyclopedia má tá fáil agat air. Féach freisin “goliard” ag Wikipedia.

    ReplyDelete