10 Feabhra 2012

.r. agus φ


Uaireanta faightear an litir ‘r’ in aice le píosa filíochta sna lámhscríbhinní. Seasann an litir seo do “rosc”, stíl ársa filíochta a bhfuil neart uama (uaim = alliteration) agus béim láidir inti.


Chuir cara liom ceist orm inniu faoi úsáid na litreach Gréagaí phi le gnáthfhilíocht (.i. filíocht na scol) a chomharthú, mar seo:


Cad as don chomhartha seo? Cén stair atá taobh thiar de? Seo ceist a chuirfidh mé ar an liosta Old-Irish-L, ar ndóigh.

6 comments:

  1. An amhlaidh go mbeadh na comharthaí ‘r’ agus ‘ϕ’ ag cur in iúl an duine a bheadh ag labhairt na bpíosaí sin?
    Cuireann siad i gcuimhne dom na litreacha ‘S’ (sagart) agus ‘P’ (pobal) a bheas ar bileogaí an aifrinn.

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom é. Is minic a deirtear cé atá ag caint mar seo:

    .r. Cu Chulaind dixit ...

    .r. Ailill dixit ...

    Ach ós rud é nach ndealaítear rosc ó phrós sa dóigh a scríobhtar iad (focail ar lorg a chéile gan bhriseadh go ceann an líne agus ansin ar aghaidh go tús an chéad líne eile, etc.), is saghas “Aire duit! Ní prós atá ag tosú anseo ach rosc!” atá againn sa chomhartha .r.

    ReplyDelete
  3. An bhfuil sampla agat d'úsáid phi?

    ReplyDelete
  4. Féach thuas:

    Dotheigtis im a ndís sethar co mbitís oc caíniud Fingin Is and asbert si. [= Is ann a dúirt sí]

    φ In tan
    docengat in tsluaig ...

    Agus ó théacs eile:

    Is and asbert Ronan
    φ Is mór brig...

    ReplyDelete
  5. Nod don léitheoir, mar a dúirt Caoimhín? Reacaireacht ar leith de dhíth?

    ReplyDelete
  6. Nod don leitheoir gur filíocht atá ann, ó nach léir é sin ar an toirt ón leagan amach sa LS.

    ReplyDelete