05 Iúil 2011

“Thou shalt not...”


Cliceáil le méadú.

#1 - Ni nais étach for nach nocht.

#2 - Is doiligh olann a bhaint de ghabhar.

#3 - Sa Ghréig freisin?

Tá an chéad mhanach ag léamh ón tráchtas breithiúnach “Córus Béscnai” (Corpus Iuris Hibernici 215.2). Tá aistriúchán den nath seo in Ancient Laws of Ireland a thaitníonn liom: Thou shalt not bind a naked person to pay in clothes.

6 comments:

  1. Meabhraíonn sin nath Gearmánach dom: Ein nackter Mann kann man nicht in die Tasche greifen. Ní thig do lámh a chuir i bpóca nochtán.

    Maidir le olann a bhaint de ghabhar: n'fheadar.
    Nach uaithi a dtagann an olann is uaisle?

    Muc nó asal níos fearr, seans?

    Cad is brí go díreach le "nais"?

    ReplyDelete
  2. @ Thou shalt not bind a naked person to pay in clothes.

    Iontach! Is dócha gur pound of flesh a bheadh i gceist, sa chás sin...;-)

    ReplyDelete
  3. Muc nó asal níos fearr, seans?

    Chloígh mé leis an seanleagan Gaelach: gabhar. Tá leagan an-deas ag na Francaigh, áfach: “C'est dur de tondre un oeuf.” (Tá sé deacair ubh a lomadh.)

    Cad is brí go díreach le "nais"?

    Is é an dóú pearsa uatha den mhodh foshuiteach den bhriathar “naiscid”. Is ionann “naiscid” agus “nascann” i nGaeilge an lae inniu.

    ReplyDelete
  4. Ní riabh an nath sin cloiste agam! Is dócha gur clúmh seachas olann a bhíonn ar na gabhar abhus.

    ReplyDelete
  5. Clúmh nó fionnadh. I m'intinn féin, tá clúmh níos míne agus níos boige ná fionnadh.

    ReplyDelete
  6. Tá seanfhocal atá an-choiteanta i nGaeilge na hAlban an lae inniu, “Rud nach d' fhuair Niall chan iarrar air e” - http://www.tobarandualchais.co.uk/gd/fullrecord/18346/1/LuckyDip

    Ach feictear dom gur í an Ghearmáinis is congaraí don tSean-Ghaeilge maidir leis an dealbh a dhéanann “greifen” agus “nais”.

    ReplyDelete