19 Iúil 2011

maidin Dé Domhnaigh


Nuair a chuir mé na grianghrafanna seo chuig cairde liom abhus anseo, scríobh mé “hanging with the cats on Sunday”. Conas a déarfá “hang (out) with” i nGaeilge? Agus conas a déarfá “lap cat”? “Cat uchta”? Shíl mé ar dtús go mbeadh fadhb leis sin, ós ionann “mac uchta” agus “adopted son”. Ach feicim anois go bhfuil “gaidhrín uchta” ar “lap-dog” in FGB.



Ag caitheamh ama leis na cait??

13 comments:

  1. "Abhängen" a úsáidtear sa Ghearmáinis. Deargbhéarlachas atá ann ach is Gearmáinis í dá ainneoin. Nár chóir duinn a bheith ní ba dhána agus an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaelainne? "Ag crochadh thart" a úsáid, mar shampla?

    Tar éis an tsaoil, níl i bhfriotal béarlagair don chuid is mó ach focail éigin gan cruinneas sanasaíochta taobh thiar díobh.

    ReplyDelete
  2. "Ag crochadh thart" a úsáid

    Tá “ag crochadh thart” cloiste/léite agam, ach nach ionann é sin agus “hanging around”? Agus ní hionann "hanging around” agus “hanging out”.

    Is caitheamh aimsire sósialta é an rud “hanging out with friends”... sna bólaí seo ar aon nós. Agus féach an téarma “hangout”. Is teach tábhairne é a leithéid go minic ach ní i gcónaí. Conas a déarfá “their favorite hangout” i nGearmáinis agus i nGaeilge?

    ReplyDelete
  3. Ag céilíocht? Agus teach airneáin?

    ReplyDelete
  4. @ Néidi

    Ar chum tú féin é sin, nó a bhfuil sé cloiste agat? Tá sé sách gonta ar aon nós.

    ReplyDelete
  5. Tá a fhios agam go bhfuil sé gonta, agus go hiomlán mícheart ach tá sé cloiste agam go minic

    ReplyDelete
  6. Calque atá ann, ach ní déarfainn go bhfuil sé mícheart dá bhrí sin. Is maith liom é!

    ReplyDelete
  7. Conas a déarfá “their favorite hangout” i nGearmáinis agus i nGaeilge?

    ihr Lieblingslokal

    ReplyDelete
  8. ≃ an teach tábhairne is ansa leo ?

    ReplyDelete
  9. Tá 'ag crochadh timpeall' cloiste agam chomh maith. Ó mo thaithíse clúdaíonn 'hang around' an dá choincheap atá agaibh i Meiriceá (hang around agus hang out) eg hang around the shops, hang around with friends, mar sin úsáideann daoine 'ag crochadh thart/timpeall' don dá bhrí.

    ReplyDelete
  10. "≃ an teach tábhairne is ansa leo ?"

    Sin é.

    ReplyDelete
  11. Seal sínte leis na cait..:-)

    ReplyDelete
  12. @ Áine

    :-) Is tú atá ag smaoineamh i nGaeilge!

    ReplyDelete