31 Iúil 2011

leigheas ar ghealtacht


Seo oideas eile as an lámhscríbhinn chéanna. Cógas luibhe atá ann, gan aon chomhábhair shaorga! An bhfuil gaol nó cara agat atá as a mheabhair? Bain triail as seo gan a thuilleadh moille!


Cliceáil le méadú.

Do tabhert a ceille do duine o teid si .i. sil ruibhe do bhrisadh 7 a sugh do fascadh a poill na srona 7 aibsinti do tabhert ar digh do 7 icuidh.

Lena chiall a thabhairt ar ais do dhuine óna dtéann sí: síol rú (Ruta) a bhriseadh agus a shú a fháscadh i bpoill na sróine agus mormónta (Artemisia absinthium) a thabhairt mar dheoch dó agus íocfar é.

(Níl míniú ar bith agam ar na cruthanna faoin oideas!)

10 comments:

  1. É! Nach bhfuil an cháil ar deoch mhormónta (Artemisia absinthium): absinthe, an tréith seo a ghlacadh seachas a chur tharis?

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Bhíodh an cháil sin air, ach is cosúil nach bhfuil thujone, a thagann ón mormónta, sícighníomhach ar chor ar bith. Ach tá - nó bhíodh - a LÁN alcóil sa deoch sin.

    ReplyDelete
  3. Sounds very health-giving!

    ReplyDelete
  4. Chuaigh sé rite orm teacht ar na comhábhair, ach sa deireadh fuair mé i siopa beag sa mórchathair is neasa dúinn iad ó fhear a d’fhiafraigh díom cá bhfuair mé an t-oideas. N’fheadar ar chomhtharlú é, ach measaim go raibh tuin Albanach ar a chuid cainte. Seans go raibh boladh gal Cannabis san aer.

    Pé ar bith é, chuir sú síol an rú ag sraothartach mé agus thit múisiam orm tar éis dom an absinth a ligean siar. Ar an drochuair ní bhraithim a dhath de dhifear idir an mé ‘roimhe’ agus an mé ‘dá éis’. Ar ndóigh, is fíordheacair aon tátal a bhaint as turgnamh le N=1 agus is doiligh liom, faoi láthair, duine eile a earcú. Déanta na fírinne, bheadh beirt eile de dhíth; mé féin, suibiacht eile agus duine faire a choimeádfadh an cód.

    ReplyDelete
  5. Dáiríre píre?!?

    Cad is ciall leis “an cód a choinneáil”?

    ReplyDelete
  6. Turgnamh dall dúbailte a bheadh ann, duine amháin ag tógáil an chógais, duine eile ag tógáil placebo agus an tríú duine agus a fhios aige amháin cé fuair agus cé nach bhfuair.

    Japers. Nach múintear a dhath ar scoil na laethanta seo?

    ReplyDelete
  7. Nach mbeadh beirt ghealt de dhíth ar dhuine leis an turgnamh a dhéanamh i gceart...?

    ReplyDelete
  8. "tabhert a ceille do duine o teid si"

    Gealtacht? An bhfuil tú cinnte?

    Nach bhfuil brí eile le "bheith as do chiall" seachas "bheith as do mheabhair".

    .i. gan a bheith ar do chéill .i. támhnéal a bheith ort, titim i lagachar.

    B'fhéidir go gciallíonn "tabhert a ceille do duine o teid si" duine a thabhairt air ais ar a chéill?


    Fearn

    ReplyDelete
  9. Tá triúr aimsithe againn; A, B agus C. Sé C an fear faire agus coimeádaí an chóid. Is aige amháin a bheidh an t-eolas faoin gcógas. Tosóidh an turgnamh an deireadh seachtaine seo chugainn agus táthar ag súil go leanfaidh sé coicís. In éagmais timpiste do A nó B, ní nochtfar an cód go dtí deireadh an turgnaimh.

    ReplyDelete
  10. Tosóidh an turgnamh an deireadh seachtaine seo

    Tús maith? Go n-éirí libh!

    ReplyDelete