17 Feabhra 2011

well, well, well


Tobar Mhic Duach

Bhuel, céard a cheapann tú?” a d’fhiafraigh Junior nuair nár fhreagair Rodrigo é.

- Alex Hijmans, "An Ofráil ar an gCosán" (Comhar, 2010)

Nuair a fhéachaimid timpeall an domhain ag lorg méar ar eolas maidir le conas teacht aníos as an abar, bhoil, ní fhéachaimid timpeall an domhain. Féachaimid go háirithe ar thíortha na hAnglasféire ....

- Alan Titley, "Eiseamláir eile" (Irish Times, 17 Feabhra, 2011)

Bheul,” a dúirt sí os íseal, “ní mór dúinn tús a chur le ciall a bhaint amach as an phrácás seo uilig.”

- Proinsias Mac a' Bhaird, Rún an Bhonnáin (Guth Nua, 2010)

Bhuel, bhoil, bheul.


10 comments:

  1. Is fíor duit!

    Tá mé ag baint suilt as an aicsean agus an mistéir!

    ReplyDelete
  2. Deirtear "bien", "bueno" srl. i dteangacha eile ach nuair a deirtear "bhuel" (nó "well" i mBéarla), ní mhothaím go bhfuil an bhrí "go maith" i gceist.

    ReplyDelete
  3. Is iomaí intriacht atá tógtha as tobar an Bhéarla. Ach sílim nach bhfuil iontu ach poncaíocht seachas brí a bheith leo. Ambaist!

    ReplyDelete
  4. Cad a mholfadh sibh mar leagan lánGhaelach(!) ina áit?

    Bhíos ag smaoineamh an lá cheana ar na Gaelaithe a leagann Dennis síos ó am go chéile. Cnuasach le háireamh atá ann faoi seo.

    ReplyDelete
  5. Cad a mholfadh sibh mar leagan lánGhaelach(!) ina áit?

    Tobar? ;-)

    Tá mé breá sásta le “bhuel”. Tá sé i bhfad níos fearr ná an “you know” atá mar phlá ar an mBéarla abhus anseo!

    ReplyDelete
  6. Agus ar an nGaeilge abhus, you know, loike.

    ReplyDelete
  7. Úsáideann an Titlíoch an trí leagan, in alt amháin uaireanta fiú. Tá galar an imeartais focal go trom air.

    ReplyDelete