11 Feabhra 2011

Tá an Éigipt saor?



Miṣr ḥarah a deir an postaer seo, agus is é gáir mhaíte na sluaite anois é freisin. Go maire siad imeacht Mubarak! Ach cé chomh ḥarah (saor) is atá Miṣr (an Éigipt) anois? Is maith an scéalaí an aimsir.

13 comments:

  1. Cén sanasaíocht atá ag Misr?

    Is oth liom é rá, ach sílim nach bhfuil siad ach tar éis deachtóir a bhabhtáil!

    ReplyDelete
  2. Níl an réabhlóid seo ach ina thús.
    Is ionann aistriú cumhachta chuig Omar Suleimam leanúint leis an deachtóireacht.
    Ach ón méid cloiste agus léite agam táid ag díriú bhfearg airsean anois. Ní mhairfidh sé i gcumhacht. Más fíor go bhfuil sé ann ar chor ar bith.

    Is iad comhairlí an lucht oibre atá bunaithe acu na huirlisí is tábhachtaí agus is cumhachtaí atá acu anois chun bogadh i dtreo daonlathas díreach na ndaoine .i. deachtóireacht na bprólatáireacht mar a dúirt an té a dúirt é.

    ReplyDelete
  3. Ní féidir daonlathas a bhunú ar deachtóireacht dream ar bith!

    ReplyDelete
  4. Tá míniú maith ar fáil anseo.

    Is é “dhá chéim chun tosaigh, céim amháin ar gcúl” atá i ndán dóibh anois... má tá an t-ádh leo. Ach sin dul chun tosaigh mar sin féin.

    ReplyDelete
  5. deachtóireacht

    Is gránna an focal é, cibé cén duine nó cén dream atá ag deachtú.

    ReplyDelete
  6. "Fearann", mar sin?

    Rud éigin ginearálta mar sin, is dócha. Is suimiúil an rud é go dtugann daoine atá ina gcónaí lasmuigh den phríomhchathair "Misr" uirthi, in áit “Cairo”. Nuair a deirtear “México” sa tír sin, is é “la Ciudad de México / Mexico City” atá i gceist go hiondúil, ní an tír ar fad.

    ReplyDelete
  7. Imeartas focal, nuair a tharraingíonn na daoine an deachtóireacht síos cruthaíonn siad a n"deachtóireacht" féin.
    Cad is daonlathas ceart ann ach "deachtóireacht" an mhóraimh.

    Ar aon nós.
    Ar aghaidh le réabhlóidí na ndaoine go dtí an Araib Shádach,Bairéin, Éimin agus an Ailgéir.
    Titfidh na tíoránaigh ceann i ndiaidh a chéile anois.

    ReplyDelete
  8. An é go raibh an deachtóireacht ina cosc ar anord?

    Ta daonra de 80 milliún san Éigipt. Tá súil agam go n-eireoidh leo córas daonnachtúil a thabhairt i gcrích.

    ReplyDelete
  9. An é go raibh an deachtóireacht ina cosc ar anord?

    Dúirt Mubarak agus na daoine a tháinig roimhe é sin riamh. “Tá ‘athair’ ag teastáil ó mo dhaoine,” a dúirt sé. Après moi, le déluge! Agus chreid a lán acu é sin go ceann i bhfad. Ach thug siad faoi deara, faoi dheireadh, nach raibh dada á dhéanamh aige ach mianta a phobail féin a chosc.

    Bhí scéal grinn ar an NY Times ar maidin. Nuair a thagadh Nasser go gabhal dhá bhóthar, deireadh sé “Ar chlé!” i gcónaí lena thiománaí. Nuair a thagadh Sadat go gabhal dhá bhóthar, “Cas ar dheis,” a deireadh seisean i gcónaí. Nuair a thagadh Mubarak go gabhal, séard a deireadh sé leis an tiománaí ná “Déan comhartha ar chlé. Ansin déan comhartha ar dheis. Agus parcáil.”

    ReplyDelete
  10. @ 'Ní féidir daonlathas a bhunú ar deachtóireacht dream ar bith!'

    Aontaím.

    @ 'Is gránna an focal é, cibé cén duine nó cén dream atá ag deachtú.'

    Aontaím.

    @ 'Titfidh na tíoránaigh ceann i ndiaidh a chéile anois.'

    Cibé áit ina bhfuil tíoránach, tá súil agam nach mairfidh a réim.

    :-) @ scéal grinn!

    ReplyDelete