07 Feabhra 2011

pictiúr stairiúil eile



Seo ceann eile ó Yosemite. Bhí mé cúpla bliain níos sine, bhí carr nua againn (station wagon le neart spáis ann le haghaidh an trealamh campála), agus bhí mé ag marú na mbreac in éindí le m'athair faoin am sin. Bhí sé de nós aige bualadh amach faoin mback country roimh éirí na gréine agus teacht ar ais le bric don BHRICfeasta. (Gabh mo leithscéal... ach níl dada níos fearr ná bric fhíor-úra sa fhriochtán ar maidin!)

5 comments:

  1. Bíodh BricFéasta againn freisin nuair a bhíos i mo pháiste. Ag campáil in iarthair Chorcaí seachas Yosemite áfach.

    ReplyDelete
  2. Sular éirigh tú as iasc a ithe!
    ;-)

    Aguisín: is cuimhin liom anois ainm na péinte a bhí ar an station wagon: Buckskin Brown. Agus bhí brandaí eallaigh mar dhearadh ar an Naugahyde™ ar na suíocháin! Yippie-yi-yo-ki-yay!

    Nod libh: is cuid thábhachtach den taifead stairiúil na fíricí seo!
    ;-)

    ReplyDelete
  3. An dtéann tú ar ais ag campáil le do mhuintir nó do chéile na laethanta seo?

    ReplyDelete
  4. Chaith mé geábh thall i Dheósuimité an samhradh seo caite, an áit is áille is Sam dar liom!

    ReplyDelete