18 Feabhra 2011

na corra: aguisín


Ní corra iad seo, ach baineann na grianghrafanna seo le hábhar.


Thóg mé an grianghraf seo cúpla lá ó shin ag bun an chnoic, cúpla nóiméad ó mo theach, agus mé ag siúl go dtí an Ollscoil. Tá nead na n-iolar níos mó ná riamh agus is éasca í a fheiceáil anois gan aon duilliúr ar na crainn. Seo ceann de na héan a itheann na corra óga, abhó! (Féach na nótaí tráchta sa bhlagmhír eile.)


Agus seo grianghraf a thóg Brad Thomas le ceamara a cuireadh i ngníomh le motion sensor. San oíche a tógadh é. Ní raibh Brad i láthair. Ní minic a fheicter an leomhan seo, an cougar, cé go bhfuil siad sách coitianta san Oirthear. Cosúil leis na corra, ní nós leo buaileadh le chéile san áit chéanna de ghnáth. Is big deal an pictiúr seo toisc go dtaispeánann sé ocht gcinn acu le chéile, de réir an ailt ar an Seattle Times.

4 comments:

  1. ar thug an Seattle times fáth go raibh ochtar feicthe le chéile

    ReplyDelete
  2. Thug. Tá ceangal leis an alt thuas.

    ReplyDelete
  3. maith agat, níor thugas an tarna nasc faoi deara go dtí go ndúirt tú é.

    an bhfuil cougar feicthe agat riamh?

    ReplyDelete
  4. Ní fhaca mé ceann riamh amuigh faoin tuath.

    ReplyDelete