14 Feabhra 2011

foraois chloiche ar an trá



Níl raibh a fhios agam go raibh na stumpaí iontaisithe seo ann, ar an trá i mBré, go dtí go bhfaca mé an grianghraf seo anseo inniu, a bhuí leis an mBBC. Cheadaigh mé Reading the Irish Landscape le Mitchell & Ryan anois díreach, ach ní bhfuair mé dada sa leabhar sin faoi na crainn seo, crainn a bhí ag fás ar an trá 8,000 bliain ó shin. An bhfuil grianghrafanna eile ag éinne agaibh?

18 comments:

  1. Níl. Ní raibh fhios agam iad a bheith ann; agus ní aithním an áit sa ghrianghraif, ainneoin aithne mhaith a bheith agam ar Bhré leis na blianta. Níl trá ghaineamheach ná dumhcha mar sin ann.

    Beidh orm an cheist a fhiosrú.

    ReplyDelete
  2. Níor chuala mé riamh futhu ach oiread, cé go bhfeicim trácht orthu ar leathanach Wikipedia Bré. An-spéisiúil go deo.

    ReplyDelete
  3. An scéal céanna a luaigh Dennis atá mar fhoinse don tagairt sin!

    ReplyDelete
  4. An é an chaoi go ndearna Aintí Bíb tuaiplis?

    ReplyDelete
  5. N'fheadar. Tá trá ó thuaidh de Bhré a d'fheadfadh an cuma sin a bheith uirthi. Ach níor tháinig mé ar aon fhoinse eile don scéal fós.

    ReplyDelete
  6. Agus mé im óige chaith muid mar chlann laethanta saoire sa tSean Chill, i mBré agus sna Clocha Liatha agus ní cuimhin liom a leithéid a fheiceáil nó m’athair ag díriú m’aire ar a leithéid agus b’iontach an fear dírithe aire é an fear céanna. Tá an tSean Chill ó thuaidh ó Bhré agus na Clocha Liatha ó dheas uaidh.

    ReplyDelete
  7. Tá níos mó faoin bhforaois bháite seo san fhísean gairid seo, ag tosú ag 1:30. Is cosúil nach bhfuil na crainn le feiceáil ach le lag trá. (Nó le lag trá rabhartha?)

    ReplyDelete
  8. "An é an chaoi go ndearna Aintí Bíb tuaiplis?"

    Níl "British Isles" cruinn ach an oiread. ;-)

    ReplyDelete
  9. Is cosúil nach ndearna. Chuir mé ceist ar saineolaí áitiúil, agus tá na crainn ann. Rinne scoláirí ó meánscoil áitiúil taighde orthu 20-30 bliain ó shin, agus foilsíodh leabhrán.

    ReplyDelete
  10. GRMA, a Aonghuis. An mbeidh tú ag dul ann le lag trá le do cheamara?
    ;-)

    ReplyDelete
  11. B'fhéidir.

    Breis eolas de dhíth ar dtús. Mar a dúirt, ní aithním an áit sa phictiúir.

    ReplyDelete
  12. Tá a fhios againn anois go bhfuil na crainnte ar an trá. Ach níl sé soiléir ón bhfíseán gur i mBré a tógadh an pictiúr thuas. Bhí siad ag caint ar fhoraoisí báite eile ina dhiaidh sin freisin.

    ReplyDelete
  13. Meas tú an féidir iad a aimsiú ón aer le Google Earth?

    ReplyDelete
  14. N'fheadar.

    Tá barúil agam gurbh ó thuaidh ón gcaladh atá siad, más mian leat iarracht a dhéanamh.

    ReplyDelete
  15. N'fheadar.
    Níl trá ghainmheach mar sin in aice le Bré, go bhfios domsa ar aon chaoi.
    Tá trá chlochach idir Bhré agus Chill Iníon Léinín.
    Agus an bhfuil dumhcha chomh hard sin ann? Ní shílim go bhfuil.

    Tá an cuma ar an trá go bhfuil sí lonnaithe níos faide ó dheas, síos an cósta.

    ReplyDelete
  16. Ó Thuaidh ó chuan Bhré atá na hiarsmaí le feiceáil, ag lag trá. Is deacair an scála a dhéanamh amach ón ghrianghraif. Tá sé i gceist agam sciuird a thabhairt ar an áit ach deis a bheith agam.

    ReplyDelete