27 Feabhra 2011

focal an lae in Araibis



ارحل

Imigh!



ارحل ارحل يا مبارك

Imigh, imigh a Mhubarak!



“Irhal” a deirtear.

Dá mbeifeá in ann duine amháin a ruaigeadh as do thír féin, nó as tír eile, cén duine a thoghfá?

7 comments:

  1. Ceist dheacair.
    Is beag difear a dhéanadh díbirt duine amháin.

    Mé féin, mar sin!

    ReplyDelete
  2. Ní "duine amháin" Fine Gael! (Agus bheadh ort an dream a chaith vóta dóibh a dhíbirt freisin)

    ReplyDelete
  3. Bhí Lucinda Creighton mo rogha. Tá eagla uirthi roimh daoine aerach ach sin bhíos ag smaoineamh níl sin cothrom. Tá eagla ar Bhrian Hayes roimh daoine gorma. Agus an Dr Leo Vardakar tá eagla air roimh gach duine, agus Enda is cara maith é leis an Merkel..... agus marsin dúirt mé gach duine acu..

    Ní gá na daoine a chaith vóta do Fhine Gael a dhíbirt. Oideachas atá ag teastáil uatha

    ReplyDelete
  4. Campaí athoideachais, mar sin? ;-)

    ReplyDelete
  5. Is beag difear a dhéanfadh díbirt duine amháin.

    Is fíor duit... de ghnáth. Ach dá mbeadh Hitler nó Pol Pot curtha go Patagonia go luath ina mbeatha, an mbeadh daoine eile dá leithéid ann?

    Mo rogha féin anois díreach: Lukashenko na Bealarúise.

    ReplyDelete
  6. Sílim go mbeadh deachtóir de chineál éigin tagtha chun cinn sa Ghearmáin, an tráth úd. Níl mo dhóthain eolais agam ar an gCambóid.

    Sílim gur maith an rud é an teorainn ama le bheith in oifig ceannaire ar bith. Leasú a bheidh sé i gceist agam cuir sa bhunreacht anseo dá m'fhéidir é.

    ReplyDelete