09 Feabhra 2011

Farouk Abdel Salam



Chonaic mé an grianghraf seo ar an New York Times ar maidin. Deir an fhoscríbhinn gur oibrithe músaeim iad na stailceoirí seo. Tá a fhios agam freisin, a bhuí le Google Translate, gurb é Farouk Abdel Salam cuspóir na hagóide. Séard atá scríofa ar na píosaí páipéir atá ina nglac acu ná:

Gan an chaimiléireacht, gan an tíoránach
Farouk Abdel Salam!

An teideal oifigiúil atá ag mo dhuine ná “First Undersecretary of State of the Ministry of Culture”, ach is cosúil gurb eisean atá i gceannas ar an rud ar fad. Agus is léir go dtuigeann chuile dhuine san Aireacht é sin. Agus gur fuath leo é.

5 comments:

  1. An é seo Aireacht Cultúr a l` 1984 Orwell?

    ReplyDelete
  2. Gan dabht!

    Dála an scéil, níl sé éasca Gaeilge a chur ar an Araibis sin. I mBéarla, No to corruption, no to the tyrant... a bheadh air.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat, a Dennis, as an méid sin a mhíniú dom.

    Am é seo atá iontach crua ar an ngnáthduine san Éigipt.

    ReplyDelete
  4. An é an tAire Cultúr?
    Léigh mé gur d'imigh sé aréir!

    Am deacair do na hÉigiptigh cinnte, ach am thar a bheith iontach freisin.

    Faraor tá sé crua dóibh toisc go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil an t-arm agus na maistíní ag céasadh agus ag cur daoine faoi ghlas nuair a fhágann siad Cearnóg Tahrir.

    Buíochas le Dia tá an réabhlóid ag athrú agus ag feabhsú agus tá stailceanna ag tarlú go forleathan in achan tionscadal sa tír. D'fhéadfaí an deachtóireacht chaipitlíoch agóidíocht a sheasamh go ceann i bhfad, agus ní féidir stailc náisiúnta a sheasamh ach go ceann cúpla lá.

    ReplyDelete