05 Feabhra 2011

comhaireamh minicíocht focal


Cliceáil le méadú.

Rinne mé an íomhá seo le Wordle, a bhuí le hAonghus a chuir ar mo shúile dom é. Séard a d'úsáid mé mar théacs ná scéilín an triúir manach. Níl ann ach sé abairt agus tá an méid sin féin sách athráiteach. Tá fianaise ghrafach agam anois gurb iad na focail is coitianta ann ná "bliadnae" agus "co", go bhfuil "fer", "cenn" agus "fri" sa dara háit, agus mar sin de.

7 comments:

  1. Cén fáth a mbeadh an t-eolas seo uaibh, a fheara? Cén úsáid a bhainfeadh duine as, mar uirlis litríochta, mar a déarfá?

    ReplyDelete
  2. Tá cumas deas air! Sin uile

    ReplyDelete
  3. Nach mbaineann an lucht fógraíochta úsáid as uaireantá?

    Nuair a bhí an fhótamósáic dhigiteach ina nuáil bhaintí úsáid aisti go minic san fhógraíocht ach a luaithe a bhí bogearraí ar phraghas réasúnta ar an margadh agus an fhótamósáic ar fáil do chách, d'éirígh an lucht fógraíochta as í a úsáid.

    An chinniúint chéanna i ndán do Wordle?

    Is dócha go mbíonn saol gairid ag a leithéid de nuáil - dá fheabhas iad?

    Mar sin, ba chóir taitneamh a bhaint astu láithreach!

    ReplyDelete
  4. Is dóigh liom gur saghas amharc-fhilíocht atá ann. Agus má tá béim ar fhocail ar leith i dtéacs - prós nó filíocht - tig linn tábhacht / minicíocht na bhfocal sin a fheiceáil ar an toirt, i riocht pictiúir. Más óráid le polaiteoir atá i gceist, mar shampla, léimfidh cuid dá chuid reitrice amach go han-soiléir. Deirtear gur fiú pictiúr míle focal. B'fhéidir gur fiú míle focal pictiúr... len iad a chur i bpeirspictíocht!

    ReplyDelete
  5. Seo iris a raibh lámh agam init (bhe bhe) cas go lgh. 17-18 leis an leas a bhain mé as wordle a fheiceáil.

    http://content.yudu.com/Library/A1q3os/COGAReagrn22010/resources/index.htm?referrerUrl=http://www.yudu.com/item/details/254513/COGAR---eagr--n-2--2010

    ReplyDelete