05 Feabhra 2011

ar dheis Ken



De réir ailt ar an Wall Street Journal ar maidin, fuair ríomhaire darb ainm Watson an bua ar Ken Jennings agus Brad Rutter, beirt buaiteoirí móra ar an gclár teilifíse Jeopardy. Ní raibh suim dá laghad agam riamh sa seó seo, saghas tráth na gceist, ach chuir mé an-suim sa ghrianghraf seo. An bhfeiceann sibh é? Sea, “SMAOINIGH” (le ‘g’ buailte) thuas ansin in éineacht le THINK, PIENSE, सोचिये, agus ДУМАЙ.

7 comments:

  1. Ana dheas. N'fheadar cá bhfuair siad é?

    ReplyDelete
  2. Is léir go raibh éagsúlacht ag teastáil ón duine a dhear an cúlra sin. Tá Sínis agus Gréigis le feiceáil ar phainéil eile. B'fhéidir gur Mac nó Ó a bhí ann agus suime aige sa Ghaeilge!

    ReplyDelete
  3. Sin an-spéisiúil, i McDonalds dom inniu (rud atá fíor fíor annamh- dáiríre!) chonac go bhfuil athchóiriú déanta acu ar bhialann Thigh Lorcáin agus na focaill mairteoil, leitís, éisc is cúpla ceann eile le feiscint ar phíosa ealaíne ar thaobh an chuntair, an Béarla ann leo agus pictiúir.

    ReplyDelete
  4. Trua nár ghlac tú grianghraif!

    ReplyDelete
  5. Súil ghéar, a Dennis - maith thú!

    ReplyDelete
  6. Is é, súil ghéar cinnte.

    Bhíos ag breathnú ar an chlár sin Storm Chaser ar Discovery, agus bhí duine ag caitheamh t-léine a dúirt "Fir na Tine"! Ní raibh sé le feiceáil ach ar feadh soicind.

    Mac nó Ó le spéis sa Ghaeilge a bhí ann gan amhras.

    ReplyDelete