30 Samhain 2010

meanóra Gaelach & Hannukah


Tosaíonn Hanukkah amárach (1 Nollaig) i mbliana. Ainm eile atá air ná “Féile na Soilse”. Maireann an fhéile ocht lá agus lastar coinneal bhreise gach oíche go dtí go mbíonn ocht gcoinneal lasta, móide an shamash, coinneal ar leith óna lastar na coinnle eile. Mar sin tá áit le haghaidh naoi gcoinneal ar an meanóra, an coinnleoir craobhach a úsáidtear le linn na féile.


leathanach 121

Fuair mé an íomhá seo sa Leabhar Breac, lámhscríbhinn Éireannach ó thús an chúigiú haois déag. Ní meanóra Hanukkah atá sa cheann seo, áfach, ach “meanóra an teampaill” a bhfuil cur síos air sa Bhíobla (Eax. 25:31-40). Níl ach seacht gcraobh ar mheanóra an teampaill. Ní fhaca an scríobhaí Éireannach an meanóra atá i gceist riamh, ar ndóigh, ach seo mar a shamhlaigh sé é.

Tá íomhá níos réadúla de le feiceáil sa Róimh ar Áirse Titus:


Rug na Rómhánaigh leo é nuair a scrios siad Iarúsailéim sa bhliain 70 C.E. Is cuid de stair Israel meanóra an teampaill. Is cuid de bheatha na nGiúdach ar fud an domhain meanóra Fhéile na Soilse.
! חנוכה שמח

10 comments:

  1. Féile athnuachan an teampaill atá i gceist freisin, nach ea? Tá cuimhne éigin agam ar scéal nach raibh fágtha ach ola aon lae agus gur mhair sé ocht lá aimsir na Macabaeigh, ach theip orm teacht ar an sliocht.

    Cad is brí leis an ráiteas (beannacht) ag deireadh?

    ReplyDelete
  2. theip orm teacht ar an sliocht.

    Is dóigh liom go bhfuil sé sna leabhair 1&2 Macabaeigh, atá againn i nGaeilge ach nach cuid chanónta den Bhíobla Eabhraise.

    Cad is brí leis an ráiteas (beannacht) ag deireadh?

    Chanukah sameach! = Hanukkah sona!

    ReplyDelete
  3. Is sna leabhar sin (ón gcanóin Gréagach den Sean Tiomna) a bhí mé á lorg. Sílim áfach gur finscéal cráifeach atá i gceist nach bhfuil sa leabhar: fuair mé an sliocht faoi athnuachan an teampaill ceart go leor:

    Cheiliúir siad coisreacan na haltóra ar feadh ocht lá agus iad faoi lúcháir ag ofráil íobairtí dóite agus d’íobair siad íobairt fhuascailte agus bhuíochais.
    (1Ma 4:56)

    ReplyDelete
  4. @Chanukah sameach!

    Go mba amhlaidh duit agus do chách!

    ReplyDelete
  5. Ach níl ach sé chraobh ag na Rómhánaigh ach an oiread!

    An é gurbh fhéidir go raibh meanóra eile ann tráth, abair?

    Dála an scéíl, dob é mo thuairim riamh go raibh sórt tosaíochta ag na Giúdaigh ar an scéal siúd maidir leis an gcreideamh agus, má bhreathnaítear air go hoibiachtúil, go bhfuil seans ann i ndáiríre go bhfuil na Críostaithe ar seachrán agus ina n-eiricigh.

    Mar sin, cén fáth nach bhféadfaí a mholadh, ar son na síochána, go ndtiontódh na Criostaithe agus na Moslamaigh araon ar an nGiúdachas agus bheadh an chnámh spairne ar lár.

    ReplyDelete
  6. Ach níl ach sé chraobh ag na Rómhánaigh ach an oiread!

    ??

    3 chraobh ar gach taobh móide ceann amháin sa lár, sin seacht. Sin é an cruth a bhí air ó thús, agus atá le feiceáil fós ar shéala Israel. Tá áit thánaisteach, ó thaobh na staire de, ag meanóra Hanukkah, bíodh is go bhfuil sé níos coitianta (abhus anseo ar aon nós) anois. Mionfhéile a bhíodh i Hanukkah, go dtí le déanaí.

    Is maith liom do mholadh... do, mmm, do modest proposal ! Ach nach cuimhin leat an sean-scéilín grinn faoin dá shionagóg?

    ReplyDelete
  7. Níos mó eolais anseo.

    ReplyDelete
  8. Agus:

    The menorah depicted on Titus' arch is probably a representation of one of Solomon's menorot, but not of the Mosaic menorah, which was concealed by the priests prior to the destruction of the First Temple and of which all trace has since disappeared.

    Foinse

    The Hanukkah menorah is, strictly speaking, a nine-branched candelabrum lit during the eight-day holiday of Hanukkah, as opposed to the seven-branched menorah used in the ancient Temple or as a symbol.

    Foinse

    ReplyDelete
  9. Ach níl ach sé chraobh ag na Rómhánaigh ach an oiread!

    ??

    Is amhlaidh gur sciorr mo shúile thar an abairt is tábhachtaí!

    ReplyDelete
  10. Beannachtaí as Iosrael. Tá meanóra ollmhór ag tús an bhaile Rehovot ina bhfuil mé ag stopadh, agus dár ndóidh coinneal (nó tóirse) eile lasta chuile tráthnóna - amharc iontach. Chonaic mé carr inné, lán le leanaí agus menóra mór ar an díon ! .. agus tá milseog éagsúil laethúil ag obair !
    Lorcán.

    ReplyDelete