Níor mhaith liom an “muc-fhear” i mblagmhír an lae inné a fhágáil libh gan cothrom na Féinne a thabhairt don mhuc! Bhí ard-mheas againn uirthi riamh mar bhia, ar ndóigh. Thairis sin, bhíodh an-ómós don torc allta i measc na gCeilteach mar ainmhí cróga fíochmhar.
Am torc ar gail.
“Is torc mé ar ghal is ar ghaisce,” a dúirt an draoi Aimhirghin Glúingheal sa dán nó briocht a chan sé díreach tar éis dó cos a chur ar ithir na hÉireann den chéad uair.
Agus bhí dán Diarmada Uí Dhuibhne nasctha le Torc chomh maith.
ReplyDeleteTá féile againn gach samhradh i mo bhaile dúchais chun comóradh a dhéanamh ar an torc ollmhór a luaigh mé sa bhlagmhír thíos. Féile na Muice Duibhe atá air.
ReplyDeleteCéard a dhéantar ansin, i rith na féile?
ReplyDeleteÓl!
ReplyDeleteCeol, spraoi etc.
Agus itear muc atá rósta ar bhior.
Níl aon phágánachas nua-aoiseach i gceist...
Tá áthas orm go bhfuil an mhuc rósta páirteach ann!
ReplyDeleteDe réir cosúlachta, níl go leor daoine á róstadh... http://www.guardian.co.uk/world/2010/oct/19/france-wild-boar-numbers-rise
ReplyDeleteIs suimiúil an t-alt é sin. Is cuimhin liom grianghraf a chonaic mé cúpla bliain ó shin de mhuc allta agus a cuid banbh stríocach ag trasnú sráide i mbruachbhaile sa Ghearmáin. Ach níor chuala mé fós go bhfuil an torc allta le fáil in Éirinn.
ReplyDeleteBhí ráflaí ann gur éalaigh roinnt as feirmeacha. (Chonac ál i gCiarraí uair, in aice an Daingin) Ach ní ró mhaith a d'fheileadh an tír díchrannta dóibh, sílim.
ReplyDeleteScéal ón Irish Times anuraidh
ReplyDeleteAn raibh a fhios agat, a Dennis, nach bhfuil caocháin (moles, nach deas an focal é?) le fáil in Eirinn ach oiread? Chuala mé an méad sin ar chlár QI, cineál tráth na gceist a bhíonn á láithriú ag Stephen Fry ar BBC2. Caithfidh mé tuilleadh eolais a fháil faoi, agus blagmhír bheag a scríobh.
ReplyDelete@ Aonghus: an-spéisiúl ar fad. An gcaithfidh muid an mac tíre a athbhunú sa tír mar sin freisin? Coooool.
ReplyDelete