Seo dhá leathanach den leabhrán a dtugtar an “Reichenauer Schulheft”, nó “Leabhar Scoile Reichenau” air. Scríobh scoláire Éireannach é go luath sa 9ú haois. An téacs is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an t-aon chóip amháin den dán “Pangur Bán” a tháinig anuas chugainn. Tá sé le feiceáil ag bun an leathanaigh ar clé.
Tá an leabhrán seo i seilbh Stift Sankt Paul, mainistir Bheinidicteach san Ostáir, anois. Tá sé ar intinn acu é a dhíol i Londain, más fíor don scéal seo. Is cosúil go bhfuil an t-airgead ag teastáil ón mainistir.
Cén saghas luacha a bhíonn ar leabhair dá leithéid?
ReplyDeleteIs cosúil go bhfuil níos mó ná lámhscríbhinn amháin i gceist. Deir an t-alt gur fiú iad go léir timpeall €3,000,000.
ReplyDeletealte Handschriften im Wert von rund drei Millionen Euro
Bheidh bá éigin agam leo: iallach orthu taisce ar fiú €3,000,000,000 a chaomhnú: gach pingin ón Stát ná ón Deoise...
ReplyDeletegach pingin = gan phingin ?
ReplyDeleteTá sé réasúnta soiléir nach gcuirfear ceant air. Tá na manaigh ag tarraingt airde ar a n-easpa airgid, sin an méid.
gan pingin, gan amhras!
ReplyDeleteCeist eile ar fad ar cheart do mhainistir a bheith á dhéanamh seo; ach is dócha gurbh fearr i lámha mainistreach na seoda ná i lámha maorlathaigh.
Conas a leithéidí do chaomhnú do scoláirí agus don bpobal tré chéile, sin an dúshlán.
Súil agam go mbíonn rath éigin ar a bhfeachtas.
Cad é an dearadh dronuilleogach aisteach sin sa phictiúr ar dheis?
ReplyDeleteNíl mé cinnte, ach is léir go bhfuil baint aige le hastralaíocht/réalteolaíocht. Má ghrinníonn tú an pictiúr (tar éis duit cliceáil air) feicfidh tú na hainmneacha virgo, leo, libra, etc. scríofa air.
ReplyDelete