23 Samhain 2010

Slán leis an Euro?



An bhfuil an cheist seo á plé anois in Éirinn?

11 comments:

  1. Tá. Le fada.

    Ní féidir le muintir na hÉireann suas le €200 billiún + a íoc ar ais.
    Tá cliseadh iomlán á chur ar an méar fhada.

    Tá fiacha na mbanc Eorpacha á gcur ar chosmhuintir na tíre seo agus na dtíortha beaga eile san Eoraip in iarracht iad a shábháil.

    Feictear dom nach féidir é a shábháil.

    ReplyDelete
  2. Cad as a thagann an cheist seo, Dennis? Ní féidir liomsa cúinse ar bith a shamhlú a mbeadh an toradh sin air. An bhfuil tuiscint agatsa ar an scéal nár rith liomsa? Má tá b’áil liom dá roinnfeá linn í.

    ReplyDelete
  3. Níl eolas ná anailís agam nach bhfuil le cloisteáil sna meáin ó thráctairí éagsúla. Tá rudaí ag tarlú sna margaí nach raibh súil againn leo cúpla bliain ó shin. Chuaigh cuid den Eoraip i bhfiontar leis an Euro timpeall deich mbliana ó shin. D'fhan an Bhreatain lasmuigh de. Is féidir go bhfuil geilleagar na Gearmáine agus geilleagar na hÉireann ró-éagsúil lena a chéile le bheith “pósta” mar sin, gan trácht ar an Spáinn, etc. B'fhéidir go bhfuil colscaradh i ndán dóibh tar éis an tsaoil. (Dála an scéil, a Sheáin, an bhfuil tú sa bhaile arís, ar ais ó Éirinn?)

    ReplyDelete
  4. Beidh an Comhphobal Eorpach fós in acmhainn cás na Portaingéile a réiteach nuair a thagann sé.

    Ach nuair a chlisfidh ar an Spáinn beidh lá na cinniúna buailte leis an euro.

    ReplyDelete
  5. Píosa suimiúil ar Newsnight (BBC) anocht ar an ábhar seo, a Dennis. Deireann roinnt eacnamaithe go scoiltfear an eurozón ina dhá chuid amach anseo: le eurozón láidir - an Ghearmáin, an Ísiltír, an Bheilg, an Ostair, Lucsamburg agus an Fhionnlann - agus eurozón lag - tíortha eile, an Fhrainc agus Éire ina measc. Tá an 'plean' sin cloiste agam roimhe seo, ach níor mhínigh éinne go fóill conas go díreach a dhéanfaí é.

    ReplyDelete
  6. 'Slán leis an Euro?'

    Is é mo thuairimse, a Dennis, nach bhfuil freagra na ceiste sin ag aon duine!

    ReplyDelete
  7. Ní dóigh liom gur féidir deireadh a chur leis an Euro mar níl aon rogha ag na tíortha atá ann ach fanacht ann. Níl aon modh chun fágaint nó chun tíortha a dhíbirt. Tá cosc ar a leithéid de cholscaradh, mar a bhíodh in Éirinn go dtí le déanaí.

    'Séard a thárlós, dár liom, ná go dtiocfaidh lagú ar 'chumhacht' nó luach an Euro i gcomparáid le hairgreadraí eile domhanda (USD, CHF, YEN srl.) Cabhróidh sé sin fíor luach na bhfiacha a laghdú, ach i ndáiríre tá sé ródhéanach dúinn - tá'n tír seo imithe go tonn poill anois, ar mhaithe le bainc na hÉireann agus bainc na hEorpa a shábháil. Níl de rogha anois againn ach faillí a dhéanamh ar na fiacha (€340bn an figiúir a bhí ar Vincent Browne aréir) ach ní féidir é sin a dhéanamh go dtí nach bhfuil gá againn le tuilleadh airgead a fháilt ar iasacht. Tá deich mblian de chruatan ós ár gcomhair amach.

    Dála an scéil, tá cúrsaí i Sasana chomh dona céanna ach de bharr go bhfuil smacht acu ar a n-airgeadra féin táid in ann an fadhb a choimeád i bhfolach, ach tá lá an chinniúna ag teacht chucu freisin ...

    ReplyDelete
  8. Sea, Dennis, tá mé fillte abhaile. Ní raibh mé in Éirinn ach ar feadh seachtaine. An tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh deireadh le hionradh Lá an Altaithe, scríobhfaidh mé blagmhír (mar a thugann tú orthu) faoin ‘Tionól’ agus faoi leabhar nua Damian McManus. Maidir leis an Euro, nuair a ghlacann tú le Scilling an Rí tá tú liostáilte ‘for the duration’. Ach beidh a thuilleadh le rá agam ar an gceist seo amach anseo.

    ReplyDelete
  9. @ COC - GRMA as an míniú an-úsáideach sin.

    @ Seán - Beidh an-suim agam sa bhlagmhír sin ar an Tionól, agus in aon rud eile faoin euro.

    ReplyDelete
  10. Tá locht ar an euro mar atá san iomhá agat! Tá an chruit Guinness á úsáid - na téada ar meisce -- in ionad bheith ingearach mar atá ag an Saorstáit.

    ReplyDelete
  11. @ Gerry - Ní gá duit ach an bonn a chasadh beagán agus beidh na téada ingearach.
    ;-)

    ReplyDelete