15 Samhain 2010

fásach mar a mbíodh leabhair


Tá timpeall 79,000 duine ina gcónaí i gCamden, New Jersey. Tá Camden ar cheann de na cathracha is boichte sa tír, le hioncam de $12,000 in aghaidh an duine. Tá ráta coireachta an-ard sa chathair seo freisin.


Tógadh an Camden Public Free Library sa bhliain 1905 le maoiniú ó Andrew Carnegie. Dúnadh an leabharlann seo sa bhliain 1986. Aistríodh na leabhair go foirgneamh eile agus ligeadh don sean-fhoirgneamh nuachlasaiceach titim as a chéile, de cheal airgid len é a athchóiriú.



Agus seo radharc de na crainn atá ag fás i lár na sean-leabharlainne anois. Is fada ó chonaic mé an méid sin siombalachais in aon ghrianghraf amháin. Tig libh bhur léamh féin a bhaint as.

Aguisín: tá na leabharlanna eile sa chathair sin i mbaol a ndúnta faoi dheireadh na bliana seo, ceal airgid.

8 comments:

  1. Sa dá cheann - leabharlann, danger, do not enter!

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom go bhfuil na crainn óga agus na plandaí ísle go hálainn i lár an fhothraigh, áfach. Is maith liom an chodasrsnacht agus an smaoineamh seo: mar a mbíodh leabhair, déanta as crainn mharbha, tá crainn úra ag fás. Nod leat freisin nach bhfuilimid ag baint úsáide as “crainn mharbha” anois díreach agus muid ag breathnú ar an bpictiúr seo agus á phlé.

    ReplyDelete
  3. Fíor dhuit. Seachas más as gual a gineadh an fuinneamh atá á dhó ag na ríomhairí idir seo agus siúd, dar ndóigh!

    ReplyDelete
  4. Tá an meathlú ag bualadh na leabharlann go dian, tráth atá muid de dhíth go géar ar dhaoiní. Dála an scéil, ba bhreá liomsa crainn i mo leabharlann!

    ReplyDelete
  5. Is mór an trua é go bhfuil an foirgneamh ag titim as a chéile ach tá na crainn go hálainn.
    Tá géarghá le leabharlann Ghaeilge i mBÁC

    ReplyDelete
  6. Sa mheánaois dhéanach in Éirinn baineadh feidhm as ainmneacha na gcrann mar ainmneacha litreacha na haibítre: a-ailm, b-beith, c-coll, ar mar sin de. Bheadh duine in ann téacs a scríobh (nó a ionchódú) le crainn, dá mbeadh spás, airgead, am, etc. ar fáil.

    ReplyDelete
  7. @ '...mar a mbíodh leabhair, déanta as crainn mharbha, tá crainn úra ag fás.'

    Is maith liom an smaoineamh sin...:-)

    Ó bhileog go duilleog...

    ReplyDelete