
Téann toscaireacht go dtí an raibí.
“Abair linn i mbeagán focal conas atá cúrsaí.”
“Go maith,” a deir an raibí.
“Ar mhiste leat focal nó dhó eile a rá?”
“Ní go maith,” a fhreagraíonn an raibí.
Aleksander Kwasniewski, iar-uachtarán na Polainne, a d'inis an scéilín seo le cur síos a dhéanamh ar staid a thíre féin. Rinne sé gáire tar éis dó an scéilín a insint, agus ansin dúirt nach raibh sé greannmhar.
Bhuel, beidh muid ag foghlaim ceachtanna sa ghreann dóite ó Raibí mar é abhus go ceann tamall.
ReplyDelete