11 Samhain 2010

Pangur Bán le díol?



Seo dhá leathanach den leabhrán a dtugtar an “Reichenauer Schulheft”, nó “Leabhar Scoile Reichenau” air. Scríobh scoláire Éireannach é go luath sa 9ú haois. An téacs is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an t-aon chóip amháin den dán “Pangur Bán” a tháinig anuas chugainn. Tá sé le feiceáil ag bun an leathanaigh ar clé.

Tá an leabhrán seo i seilbh Stift Sankt Paul, mainistir Bheinidicteach san Ostáir, anois. Tá sé ar intinn acu é a dhíol i Londain, más fíor don scéal seo. Is cosúil go bhfuil an t-airgead ag teastáil ón mainistir.

7 comments:

  1. Cén saghas luacha a bhíonn ar leabhair dá leithéid?

    ReplyDelete
  2. Is cosúil go bhfuil níos mó ná lámhscríbhinn amháin i gceist. Deir an t-alt gur fiú iad go léir timpeall €3,000,000.

    alte Handschriften im Wert von rund drei Millionen Euro

    ReplyDelete
  3. Bheidh bá éigin agam leo: iallach orthu taisce ar fiú €3,000,000,000 a chaomhnú: gach pingin ón Stát ná ón Deoise...

    ReplyDelete
  4. gach pingin = gan phingin ?

    Tá sé réasúnta soiléir nach gcuirfear ceant air. Tá na manaigh ag tarraingt airde ar a n-easpa airgid, sin an méid.

    ReplyDelete
  5. gan pingin, gan amhras!

    Ceist eile ar fad ar cheart do mhainistir a bheith á dhéanamh seo; ach is dócha gurbh fearr i lámha mainistreach na seoda ná i lámha maorlathaigh.

    Conas a leithéidí do chaomhnú do scoláirí agus don bpobal tré chéile, sin an dúshlán.

    Súil agam go mbíonn rath éigin ar a bhfeachtas.

    ReplyDelete
  6. Cad é an dearadh dronuilleogach aisteach sin sa phictiúr ar dheis?

    ReplyDelete
  7. Níl mé cinnte, ach is léir go bhfuil baint aige le hastralaíocht/réalteolaíocht. Má ghrinníonn tú an pictiúr (tar éis duit cliceáil air) feicfidh tú na hainmneacha virgo, leo, libra, etc. scríofa air.

    ReplyDelete