14 Samhain 2010

exorcist?



Is cosúil go bhfuil easpa sagart sna Stáit Aontaithe a bhfuil na cáilíochtaí atá riachtanach acu le deamhain a dhíbirt. Mar sin bhí 66 shagart agus 56 easpag páirteach i gceardlann dhá lá i mBaltimore (Baile an Tí Móir?) an deireadh seachtaine seo caite leis an gceird sin a fhoghlaim.

Tá go maith agus níl go holc. Ach cad é an Ghaeilge ar exorcist, in ainm Dé? Deir de Bhaldraithe gur cheart dúinn eacsaircistí a thabhairt ar an bhfeidhmeannach seo. Ach níor ghlac Ó Dónaill (FGB) leis an téarma seo. Níl dada le rá ag Pota Focal ná ag focal.ie, cé go bhfuil díbirt deamhan ag focal.ie ar exorcism.

Más fianaise mhaith an méid ainmneacha a bhí ar an exorcist i Sean- agus Meán-Ghaeilge, bhí cleachtóirí na ceirde seo níos coitianta sa mheánaois ná mar atá siad anois: astarceist, esorcist, exarcistid, agus glantaid. Sin nó níl éinne ar aon intinn faoin ainm ceart le míle go leith bliain anuas!

13 comments:

  1. Níl faic san sanasan a ghabhann leis an Caiticeasma ach oiread (ach níl an oifig ná an gnás luaite ann pé scéal)

    Díbreoir Deamhain, is dócha

    (Tá cuma deas an glantaid)

    ReplyDelete
  2. glantaid = glantaidh = (?) glantaí = glantóir (in FGB)

    Maidir le "glantaid", tá an méid seo le rá ag DIL:

    an exorcist (the second lowest of the seven ecclesiastical grades, lit. 'a cleanser')

    Tá an glantaidh céim amháin níos airde ná an doirseoir.

    ReplyDelete
  3. Spéisiúil. Tá an cheist éirithe níos casta ó shin, is léir!

    ReplyDelete
  4. Bheinn sásta le "díbreoir deamhan” (le "deamhan” sa ghinideach iolra). Ba chóir dom súil a chaitheamh ar “Aislinge Meic Con Glinne”. Dhíbrigh an laoch deamhan craois (“craeslon”) as Rí Mumhan sa scéal sin, ach ní cuimhin liom na focail anois.

    ReplyDelete
  5. 'deamhandíbirt' atá ag Ó Dónaill ar 'exorcism', mar sin deamhandíbreoir a bheadh ar 'exorcist'?

    ReplyDelete
  6. "Ach cad é an Ghaeilge ar exorcist, in ainm Dé?"

    "Ionmhóideoir", b'fhéidir, má ghlacaimid le sanasaíocht an fhocail féin.

    ReplyDelete
  7. "Ionmhionnóir"?

    Nó "dídheamhnaitheoir", fiú?

    ReplyDelete
  8. 'Togharmach' atá ag McCionnaith.

    'Spioradruagadh' atá ag O'Neill Lane do 'exorcism'.

    ReplyDelete
  9. deamhandíbreoir

    Tá sé seo beacht, gan dabht, ach beagán ... mmm... Gearmánach. Is fada an comhfhocal é!

    "Ionmhóideoir", b'fhéidir, má ghlacaimid le sanasaíocht an fhocail féin.

    Nó "cur-faoi-mhionn-óir"?
    ;-)

    Togharmach.

    Gafa cheana féin. Tá sé in FGB leis an gciall Conjurer, spiritist.

    ReplyDelete
  10. exorkistēs Gréagach agus exorcista Laidineach sa Bhíobla ag Gní 19:13. Seachnaíonn an Bíobla Mhaigh Nuad, áfach, úsáid a bhaint as an ainmfhocal.

    ReplyDelete
  11. Spéisiúil

    13Cuid de na Giúdaigh freisin a
    bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n-ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. “Cuirim oraibh,”
    a deiridís, “as ucht Íosa Críost a bhíonn á fhógairt ag Pól.”

    ReplyDelete
  12. Rinne mé cuardach Google le “glantaid” anois díreach, agus fuair mé amach gur pléadh an focal seo ag an gcomhdháil Imbas i nGaillimh an deireadh seachtaine seo caite. Léigh Eibhlín Ní Fhallamháin páipéar dar teideal Psalmist and Exorcist in Old Irish: salmcétlaid, glantaid, astarceist, esorcist and exarcistid.

    ReplyDelete
  13. "lucht deamhan do dhíbirt" atá san leagan de Tiomna Nua Uí Domhnaill atá agam, a foilsíodh i 1937.

    ReplyDelete