01 Bealtaine 2012

Trí fuiric...



fuirec = ullmhú le haghaidh aíochta
degduine = dea-dhuine
cuirm = beoir
fothrucud = folcadh

Bhí an focal “fuireag” beo fós sa Nua-Ghaeilge Mhoch, agus is cosúil nach bhfuil sé againn níos mó.  Níl sé in FGB ar aon nós.  Maidir le beoir agus folcadh le chéile, phléigh mé barúil na nGael orthu sa bhlagmhír seo tamall ó shin. Ach is féidir dul thar fóir leo, mar is léir ón bhfógra seo i spa Seapánach:


Meastar go bhfaigheann 14,000 duine bás san fholcadán sa tSeapáin gach bliain, a thrí oiread níos mó ná mar a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair.

12 comments:

  1. Sea, féach céard a tharla do Whitney Houston, an créatúr.

    ReplyDelete
  2. Tá scannán maith Síneach ann -- "Shower". An bhfaca tú é?
    Faigheann seanfhear bás san fholcadán ach níl sé ar meisce.

    ReplyDelete
  3. Ní fhaca. Níl ach mearaithne agam ar an gcineama Síneach. Tá a fhios agam go bhfuil a lán scannán maith ann, ach níl siad feicthe agam.
    :-(

    ReplyDelete
  4. Tá sé ag an Duinníneach:
    fuireag -rig pl.id. m. a feast, preparation, provision

    Aig Armstrong (1825) tá:
    fuireas, -eis s.m. (Ir.id.) Entertainment; a feast
    fuireadh, -idh s.m. (Ir.id.) Preparation; a feast

    ReplyDelete
  5. An bhfuil ceangal ar bith le "faire" nó "fuireachas"?

    ReplyDelete
  6. Dúirt David Stifter an méid seo faoin tsanasaíocht ar an liosta Old-Irish-L anois díreach:

    There is actually the verb "fo·ricc" in OIr., meaning "to find before one". In a special expression, "fo·ricc ara chiunn", it means "to find on arrival". I think this makes good sense to explain the specialised meaning "provisions" for the noun.

    ReplyDelete
  7. faraor géar níl fadhb mar sin ag go leor fear óg Éireannach - ní thógann siad cithfholcadh ar meisce ná stuama. Sin nó ní stopann siad den chithfholcadh is den 'Lynx'!

    ReplyDelete
  8. Cén boladh atá ar an Lynx agus é sa bhaile? Beagán ró-chumhra?

    ReplyDelete
  9. Deargmheisce atá i gceist ar an gcomhartha sin. Rabhadh eile a fheictear sna folcadáin poiblí “Ná tom id aonar.” Tráth a bhí mé ag taisteal go mion minic go dtí an tír sin, chaithinn seal le cara nó dhó san fholcadán gach Aoine. Agus muid críochnaithe, bhíodh tart orainn agus ar an tsráid os comhair gach folcadáin faightear ‘tachi-nomi’. Ionann sin agus ‘seas-ól’, sé sin, ní cheadaítear suí. Cineál bac ar bharraíocht óil atá ann, measaim.

    ReplyDelete
  10. Féach ar na pictiúir seo, a Sheáin. Ar an Cycle Pub tig leis an gcustaiméir suí síos, ceart go leor, ach ní mór dó troitheánú (le húsáid a bhaint as an mbriathar nua a fuair mé an lá cheana) !

    ReplyDelete
  11. Agus b'fhearr duit gan dul in aice folcadáin má tá naimhde cumhachtacha agat!

    http://www.nytimes.com/1987/10/13/world/family-says-german-was-slain.html

    ReplyDelete