20 Bealtaine 2012

ballán in Albain




Scríobh mé faoin rud ar a dtugtar “ballán” anseo tamall ó shin. Is cosúil go bhfuil dhá chuid den rud seo: an cuach sa chloch a dtugtar “ballán” air, agus an chloch chruinn a rinne an cuach, más fíor. Scaradh an chloch seo thuas lena ballán, atá suite i seanreilig ar Oileán Canna in Albain, na blianta ó shin. Fuarthas le déanaí í agus tá an dá chuid le chéile arís.  Tá a leithéid le fáil in Éirinn freisin, mar a dtugtar “cursing stone” ar an gcloch.  Dar le halt ar an mBBC inné, is ón ochtú haois do na clocha seo, agus mhínigh Katherine Forsyth mar seo iad:
“Traditionally, the pilgrim would recite a prayer while turning the stone clockwise, wearing a depression or hole in the stone underneath.”

Níl a fhios agam an bhfuil ainm dúchasach againn ar an gcloch.

5 comments:

  1. Má tá, níor chuala fós é.

    Agus gá bhfios nár athraigh ciall agus nós le himeacht aimsire.

    ReplyDelete
  2. Is féidir é. Sa chomhrá ar Old-Irish-L atá ar siúl fós, thug mé “prayer mill” ar an rud seo, toisc gur chuir sé bró i gcuimhne dom, agus “prayer wheel” na dTibéadach freisin.

    ReplyDelete
  3. Chuir an chloch ar an leathanach de chuid an BhBC crosbhorróg i gcuimhne dom. Ar chaoi éigin...

    ReplyDelete
  4. Chuir mé ceist nó dhó faoi seo, a Dennis, ach ní raibh siadsan, ná mise, ar an eolas faoin gcloch, mar sin níl aon ainm dúchasach agam duit. Má chloisim aon cheann, amach anseo, beidh mé i dteagmháil..:-)

    ReplyDelete