18 Iúil 2011

an-sult go deo


John Yates, boc mór eile gafa san eangach

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag baint an-sult go deo as an dráma atá a titim amach anois i Londain agus ar fud an domhain. Is cosúil go bhfuair na “haisteoirí” a ndóthain téide len iad féin a chrochadh, faoi dheireadh. Nó mar a deir an Bíobla:

Gabhann uabhar roimh thubaiste;
agus éirí in airde roimh threascairt.
Seanfhocail 16:18

Le fada an lá ba nós le Rupert Murdoch a chuid fadhbanna a réiteach le hairgead, agus a lán de. Ach mar a scríobh David Carr in alt ar an New York Times inniu:

“Tig le hairgead a lán rudaí a réiteach, ach ní chuile rud. Nuair a chaitear airgead ar thine, déantar breosla de, sin an méid.”


Sir Paul agus a chuid cairde

7 comments:

  1. An cheist a bheadh agamsa ná an dtitfidh an chumhacht a bhí aige chuig ball eile den maoinlathas, nó an dtiocfaidh fíor feabhas.

    ReplyDelete
  2. Sea, is féidir fáil réidh le Mubarak (nó cibé), ach níl sé cinnte go mbeidh an chéad rud eile mórán níos fearr. Ach tá sástacht nach beag ag baint le bheith i láthair ag titim bithúnaigh a shíl go mbeadh an bua aige go deo.

    ReplyDelete
  3. Tá sé ar fheabhas ach faraor níl sé ag déanamh difir ar bith anseo in Éirinn.

    ReplyDelete
  4. Uabhar? Éirí in airde?

    Dhe! Níl ann ach thuas seal, thíos seal!


    Fearn

    ReplyDelete
  5. @ “This is not just about one individual but about the culture of an organization.”

    Croí na faidhbe, faraor.

    ReplyDelete
  6. Ionadh liom sibh. Schadenfreude, a chairde?

    ReplyDelete