17 Iúil 2011

scrínte beaga



Cliceáil orthu seo, led thoil!

Tá siad seo ar leac na fuinneoige sa chistin. Cheannaigh mo dhaideo an Ho Tei gealgháireach sa tSín sna fichidí den aois seo caite. Cheannaigh mé an diabhailín gealgháireach i Meicsiceo. Tháinig na trí phóirín cloiche ón Abhainn Merced i nGleann Yosemite. (Dála an scéil, tá taispeánadh de Arracht Eitilte an Spaigití le feiceáil ó cionn na bpóiríní.)

2 comments:

  1. Níl do mhéara chomh diamhair sin, an bhfuil?

    ReplyDelete
  2. Níl aon dabht, i bhfianaise na ngrianghrafanna thuas, nach bhfuil súil na háilleachta agat,a Dhennis King.

    Fearn

    ReplyDelete