17 Iúil 2011

quiz bia


Is milseáin iad seo uilig, ón tSeapáin, ón India agus ón tSín. Tá plúr agus siúcra iontu uilig, ní nach ionadh. Céard eile atá i bpáirt acu?

dorayaki どら焼き

puranpoli पुरणपोळी

manjū 饅頭

Dòubǐng 豆餅

4 comments:

  1. Bingo. Bhí an freagra ar bharr do theanga! An rud a chuir mé ag smaoineamh air seo ná an dara ceann thuas, puranpoli. Fuair mé pacáiste díobh i measc an bhia reoite i siopa Indo-Pak anseo an lá cheana agus cheannaigh mé iad “le fáil amach”. Ní bhfaca mé a leithéid riamh i dTuaisceart na hIndia mar a raibh cónaí orm. Ní baintear úsáid as pónairí le leafaos (leamhthaos) milis a dhéanamh ansin, mar a dhéantar sa tSín agus sa tSeapáin. Ach is mór an tír í an India agus tá fhios agam anois go ndéantar leafaos as sicphiseánaigh agus siúcra agus spíosraí i Maharashtra. Cuirtear isteach i rud atá cosúil le chapatiparatha é.

    ReplyDelete