21 Iúil 2011

focail ag fáil bháis



Níl an Ghaeilge ag fáil bháis fós, bíodh is go bhfuil sí faoi bhrú le fada. Tá imní ar lucht na Gaeilge mar sin féin, agus is minic a bhíonn níos mó suime acu ná mar atá ag lucht an Bhéarla i mionteangacha eile agus i dteangacha atá i gcontúirt.

Seo leabhar iontach dóibh siúd ar cás leo todhchaí theangacha an domhain. Tá an tuairsceoireacht iontaofa, tá an teangeolaíocht ar fónamh, agus níos fearr fós, tá an scéalaíocht ar fheabhas. Tá mé ag baint an-suilt as. Agus ag foghlaim!

“Of all the books on language disappearance that have appeared in the last decade, Dying Words is intellectually the most challenging and the most persuasive. Evans sets out to show why linguistic diversity is an essential part of what makes us human …. Modestly yet persuasively, Evans has thrown down an intellectual guantlet.” (Times Literary Supplement, May 2010)

5 comments:

  1. An-suimiúil. GRMA as an moladh.

    ReplyDelete
  2. ar fheabhas, an suim agam é a léamh, grma

    ReplyDelete
  3. Níl an leabhar sa leabharlann phoiblí anseo, ach tá sé ar fáil ón leabharlann ar an ollscoil WWU. Sa chathair seo, is féidir le gach duine leabhair a fháil ón leabharlann ag WWU saor in aisce.
    Ach tá na háiteanna parcála sách daor agus gann. Mar sin, caithfidh mé dul ansin ar an mbus lá éigin.

    ReplyDelete
  4. chonaic mé an leabhar seo agus shíl mé go bhfanfainn ar dhaoine eile a léamh. Grma.

    ReplyDelete