24 Iúil 2011

“Ceist ort”


Scríobh Piaras Grás, feirmeoir i gCo. Chill Chainnigh a fuair bás sa bhliain 1836, an tomhas seo ina leabhar sleachtanna bunúsacha :




Ceist Ort

Fear do rugadh roimhe athair
do geine roimhe a mháthair
fuair bás is dá éis
fuair maighdionus a sheanmháthar
'sa raibh fearaibh is mnáthaib an domhain
aige na shochraid.

Cé hé?

12 comments:

  1. Ceann maith. Níl leid agam.

    Rud beag, ach feicimse 'sa raibh' in áit 's raibh' i líne a chúig.
    Agus sa chéad líne, feicim ponc thart ar an bhfocal a chuir tú 'do' (i.e. 'fear do rugadh...') air. Tá an 'do' sin an-difriúil leis an 'do' eile sa dara líne. An raibh sin coitianta?

    ReplyDelete
  2. Buille faoi thuairim anseo uaim, a Dennis, ach an é Críost atá i gceist?

    ReplyDelete
  3. @ Liz - Cheartaigh mé “sa”. Go raibh maith agat. Maidir leis an “do” sin, scríobh mo dhuine “extension stroke” in ionad a ghuta. Ní chuireann an ponc os cionn na líne aon chiall bhreise leis an nod, go bhfios dom. Tá an dá rud, líne + ponc, le feiceáil le chéile i LSS ón ochtú is ón naoú haois déag.

    ReplyDelete
  4. @ Áine - Níl a fhios agam. Níl fuascailt an tomhais agam! Ach cén chaoi a bhfuair Íosa maighdeanas a sheanmháthar?? Céard a déarfadh an fear ró-naofa sa Róimh faoi sin? Ababú! Meas tú an bhfuair Íosa maighdeanas éinne riamh?
    ;-)

    ReplyDelete
  5. Ceisteanna maithe, a Dennis, ach níl na freagraí agamsa, mar is léir ó mo chéad fhreagra..:-)

    ReplyDelete
  6. Maidir le maighdeanas, bhíodar ann a chreid go raibh Anna ina maighdean nuair a rugadh Muire. An féidir gurbh é sin a bhí ar intinn an duine a chum an toghas? Ach céard faoi "fuair bás agus ina dhiaidh sin fuair maighdeanas a sheanmháthar"?

    ReplyDelete
  7. "fuair maighdionus a sheanmháthar"

    Dá mba "fuair maighdeanas dá sheanmháthar" é thiocfadh Críost mar fhuascailt i gceist ós rud é go bhfuair Anna an stádas sin sa teagasc tar éis a bháis.

    Dála an scéil, is breá Gaeilge Chill Chainnigh a fheiceáil agus é scríofa síos sa chaoi sin.

    ReplyDelete
  8. @ Ach céard faoi "fuair bás agus ina dhiaidh sin fuair maighdeanas a sheanmháthar"?

    Athchumadh?

    ReplyDelete
  9. An í an ghrian í? nó an lá?


    Fearn

    ReplyDelete
  10. An í Pallas Áitéine í?

    An í Uimhir a seacht í?

    Fearn

    ReplyDelete
  11. Ní dóigh liom gur Críost ná aon neach daonna atá i gceist. Ach tharlódh breall a bheith orm. Ionadh orm gan an fhuascailt a bheith ann leis an tomhas.

    ReplyDelete
  12. bhíodar ann a chreid go raibh Anna ina maighdean nuair a rugadh Muire.

    Sin scéal nár chuala mé riamh - mí thuiscint ar teagasc Giniúint gan smál Mhuire is dócha, i. go raibh sí saor ó thionchar pheaca an tsinsir de bharr a Mac a bheith ina slánaitheoir.

    B'fhéidir gur Críost atá i gceist tar éis an tsaoil.

    ReplyDelete