18 Samhain 2010

trí chló


Ar feadh céad bhliain go leith, 1825 - 1975, bhí trí shaghas cló in úsáid leis an nGaeilge a chlóbhualadh: cló biorach, cló cruinn, agus cló corr (cé nach iad seo na hainmneacha oifigiúla atá orthu). Seo solaoidí díobh. Tig libh cliocáil orthu len iad a mhéadú, mar is iondúil.


Seo sampla den chló biorach, nó Cló Newman, ós é John Henry Newman (nach raibh ina chairdinéal fós) a choimisiúnaigh é sa bhliain 1856. Rinneadh a lán clónna eile ar an múnla seo sna blianta ina dhiaidh sin. Linotype Irish atá sa tsolaoid thuas, le bheith beacht. Is ionann an cló seo agus “cló Gaelach” don chuid is mó againn.



Seo é an cló cruinn, nó Cló Colum Cille, lena ainm ceart a thabhairt air, an t-ainm a bhaist a athair, Colm Ó Lochlainn, air. Tháinig sé ar an saol sa bhliain 1936. Fuair an cló seo inspioráid ón bpeannaireacht i Leabhar Ceanannais, agus freisin ó Chló Petrie a cumadh sa chéad leath den naoú haois déag. Chaith Ó Lochlainn a lán dua leis, ach ní raibh ráchairt riamh air.



Agus seo é an cló corr, cé gurb é Cló Figgins nó Cló Hardiman a thugtar air de ghnáth. Is cosúil gur baineadh feidhm as den chéad uair sa leabhar Rerum Hibernicarum Scriptores (iml.2), cé gur cumadh é deich mbliana roimhe sin. Níor nocht sé ach in aon leabhar amháin eile, Irish Minstrelsy le James Hardiman, a foilsíodh sa bhliain 1831. Beidh níos mó le rá agam faoin gcló seo amach anseo.

Cé acu ceann is fearr leatsa?

13 comments:

  1. Is maith liom an chéad dá cheann, ach tá an cló corr ró chorr dom.

    ReplyDelete
  2. Tá an chéad ceann go deas. Tá dhá smaoineamh ag rith liom. Sa lá inniu ní mór an raon iomlán de na litir a bheith agat -- j, k srl., mar úsáidtear iad i nainmneacha agus focail eile a tháinigh isteach. An pointe eile, ná, mar a thuigtear domsa, níor úsáideadh an leagan sin do bhunlitir 'R' agus 'S' ó timpeall 1913 nó mar sin de.

    Gerry

    ReplyDelete
  3. Is fearr liom an chéad ceann chomh maith.

    ReplyDelete
  4. Nach bhfuil siad go léir go hálainn? Caithfidh mé do bhlagmhír a thaispeáint dom' rang, a Dennis.

    Dála an scéil, is fearr liomsa an chéad ceann freisin.

    An raibh a leithéid de chlónna in úsáid le Gaidhlig na hAlbain a scríobh?

    ReplyDelete
  5. Níor bhain Gaeil na hAlban úsáid riamh as an gcló Gaelach. Is é an chéad leabhar clóbhuailte i dteanga Ghaelach ná Foirm na nUrrnuidheadh (Forms of Prayer le John Knox, aistrithe le John Carswell). Foilsíodh i nDún Éideann é sa bhliain 1567 sa chló Rómhánach.

    ReplyDelete
  6. Is dóigh liom go bhfuil Cló Colum Cille go hálainn, ach tá sé deacair a léamh. Tá an litir 'a' ró-chosúil leis an 'o' agus an 'd' ró-ghar dóibh beirt. Agus níl aon mhóiminteam ann, i mo thuairim.

    ReplyDelete
  7. Cló biorach is fearr liomsa, ach níl an cló cruinn go dona. Ní maith liom an treas ceann.

    ReplyDelete
  8. Tá cló uimhir a trí sách barbartha ar an gcéad amharc. Níor chreid mé é nuair a chonaic mé é den chéad uair na blianta ó shin. Ach de réir mar a chuaigh mé i dtaithí air, d'éirigh mé ceannúil air. Níor mhaith liom téacs fada i gCló Figgins a léamh... ach déanta na fírinne ní maith téacs fada a léamh in aon chló Gaelach. Is maith liom na h-anna in ionad na bponcanna i gCló Figgins, agus is maith liom go bhfuil stíl dá chuid féin aige.

    ReplyDelete
  9. Is maith liom an chéad dá cheann fosta. Is cló heavy metal an ceann deireanach.

    ReplyDelete
  10. cló heavy metal

    Leag tú do mhéar air!

    ReplyDelete
  11. Is maith liom an chéad cheann.

    ReplyDelete
  12. An chéad cheann, gan dabht ar bith!

    ReplyDelete