17 Samhain 2010

Sugru


Seo gearrthán as an iris Time (22 Samhain):

Cliceáil le méadú.

Is léir ón litriú/fuaimniú Sugru go bhfuair Jane Ní Dhulchaointigh a cuid Gaeilge ón Tuaisceart, go díreach nó go neamhdhíreach. Tá suíomh ag an táirge nua seo anseo.

11 comments:

  1. Is cuimhin liom an bhean a chruthaigh an earra seo a fheiceáil ar an teilifís cúpla bhliain ó shin. Gael as Cúige Laighin atá ann déarfainn, óna blas.

    Tá sí le feiceáil anseo thíos:
    http://www.youtube.com/watch?v=HdFtebwpsaA

    (N'fheadar mé cén sloinne a thugann mo dhuine uirthi!)

    ReplyDelete
  2. “I'm with Jane Nee-gall-con-tick, the inventor...”
    ;-)

    ReplyDelete
  3. N'fheadar. tagann claochlú ar a leithéidí faoi anáil aois margaíochta. (Féach go n-úsáidtear "Gaelic" thuas)

    Is breá liom an smaoineamh, dála an scéal.

    Cén Ghaeilge a chuirfeá ar "hack" anseo?

    ReplyDelete
  4. "Deisiú" a bhí ag ár muintir le fada!

    ReplyDelete
  5. N'fheadar.

    Níl an éadroime ná gliceas céanna ag baint leis sin.

    http://www.retrologic.com/jargon/meaning-of-hack.html

    ReplyDelete
  6. Cad faoi 'gliceas' mar Ghaeilge ar 'hack'?

    ReplyDelete
  7. Tréith seachas gníomh a nascaim le gliceas.

    Focal éigin ar ghníomh glic atá uaim.

    ReplyDelete
  8. "cleas" is dócha, ach tá cúngú tagtha a ar chiall sin.

    ReplyDelete
  9. Sin é! An rud a mhúineann gá, ach duine a bheith seiftiúil.

    ReplyDelete
  10. Bhí mír ar chlann Conn, Ar strae sa tSaotharlann léi inniu. 5 nóiméad isteach sa chlár: Gaeilgeoir uirbeach Bleá Cliathach a chloisimse!

    ReplyDelete