22 Samhain 2010

sneachta anocht



Thóg mé an grianghraf seo ag 8:30 anocht. Radharc ar an gclos tosaigh atá ann. Tá sé 22F / -6C anois díreach agus deirtear go rachaidh sé síos go -9C oíche amárach.

10 comments:

  1. Súil agam go bhfuil tú te teolaí cois teallaigh! Tá sé gaofar, fuar, gruama abhus, an aimsir cuí do staid na tíre!

    ReplyDelete
  2. Tá an aimsir feabhsaithe ó mhaidin, ach sin a bhfuil.

    ReplyDelete
  3. -7C / 19F ar maidin faoi spéir ghorm, agus an-chiúin ó nach bhfuil aon charranna ar na sráideanna sa chomharsanacht chnocach seo. Maidir leis an nuacht (sna nuachtáin a bhí ag fanacht liom ar an tairseach, ionadh na n-ionadh!), bhuel, bhain an scéal seo ar an NYTimes gáire dóite asam: Taliban Leader in Secret Talks Was An Impostor... mealltóir a fuair a lán airgid as NATO.

    ReplyDelete
  4. Ar tháinig an sneachta go luath i mbliana?

    ReplyDelete
  5. Tháinig, ach deirtear go mbeidh báisteach ann arís faoi dheireadh na seachtaine, buíochas le dia. Tá sneachta go hálainn... ar feadh cúpla uair an chloig, nó thuas ar na sléibhte.

    ReplyDelete
  6. Scéal céanna anseo.
    Bhí sneachta ann oíche Dé hAoine, agus tá sé ar an talamh fós, agus oighear ar an mbóthar leis. Inniu, nuair a d'éirigh m'fhear ag leathuair i ndiaidh a cúig chun dul go dtí an scaglann, bhí sé 10 céim F. agus an-ghaofar. Níl ormsa dul amach ar obair inniu, ach chuaigh inné ar siúil agus ar bhus sa dorchadas ar maidin; ni raibh sé gaofar agus, mar sin, ní raibh sé ro-fhuar dom.

    ReplyDelete
  7. Deirtear go mbeidh sneachta ar na cnoic anseo roimh dheireadh na seachtaine.

    Is maith liom an grianghraf, a Dennis...:-)

    ReplyDelete
  8. Deirtear go mbeidh sneachta ar na cnoic anseo roimh dheireadh na seachtaine.

    Bainigí sult as an radharc i gcéin!
    :-)

    Tá mé féin ag fanacht leis an mbáisteach. Beidh seisear daoine fásta móide beirt pháistí chun dinnéir againn Déardaoin (Lá an Altaithe) MÁ bhíonn na bóithre sách glan faoin am sin. Bhí na sráideanna sa chomharsanacht plódaithe inniu... le páistí ag sled-áil síos na gcnoc! An-spórt go deo ó nach raibh aon trácht ann.

    ReplyDelete
  9. Bhí sneachta againn ar maidin freisin ach níor fhan sé. An-luath sa bhliain sneachta a bheith againn anseo cois farraige, nó an-déanach ba chóir a rá. Is annamh a bhíonn sneachta againn roimh an Nollaig.

    ReplyDelete