08 Samhain 2010

ortha na glúine scríobtha



Fuair mé an “ortha” seo in Proceedings of the Society of Antiquaries of Scotland, imleabhar 27. Is ó Shrath Spé sa 19ú haois a tháinig sí:
Gu maith an diugh, ’s fhearr am maireach;
An deigh sin gun dad ach ’n làrach.
Tá sé éasca é a thiontú ó Ghàidhlig go Gaeilge:
Go maith inniu, is fearr amáireach;
Ina dhiaidh sin dada ach an láithreach.
Is ionann an làrach/láithreach agus an áit a raibh an chneá. Gearb nó colm atá i gceist. Rith sé liom go mbeadh an rabhcán seo oiriúnach le haghaidh páistí ar bhain gortú éadrom dóibh. Tá cloch leighis ag teastáil leis an ortha a chur i gcrích i gceart, ach is dócha go bhfuil rud éigin mar sin a dhéanfadh gnó ag chuile thuismitheoir.

8 comments:

  1. Ana dheas:

    Nach mbeadh "Go maith inniu, níos fearr amárach" níos fearr? (Níos fusa le rá, sílim)

    ReplyDelete
  2. Is maith liom é!

    Dhéanfadh sé cúis mar mhana laethúil, fiú. Is iomaí goin nach bhfeictear...

    ReplyDelete
  3. Cloch leighis, no an Órchloch, Cloch an Fhealsaimh

    ReplyDelete
  4. Go hiontach simplí. Caithfidh mé cneá, gearb, colm agus goin a úsáid níos minicí. Bhuel, tá súil agam nach gcaithfinn ach is breá liom na focail :)

    Dá ghortfá do thóin mar sin, an mbeadh Colm Tóinín agat?!

    ReplyDelete
  5. Úps... dá ngortófá do thóin...

    ReplyDelete
  6. Nach mbeadh "Go maith inniu, níos fearr amárach" níos fearr?

    Bheadh. Nuair a dhúisigh mé ar maidin is mar sin a dúirt mé é freisin, agus mé ag smaoineamh air.

    ReplyDelete
  7. 'Dá ghortfá do thóin mar sin, an mbeadh Colm Tóinín agat?!'

    Níl a fhios agam, a John, ach dhéanfadh sé cúis mar ainm do charachtar i ngreannán...:-)

    ReplyDelete
  8. "Go dona inniu, go maith amárach, níos fearr ar an lá dar gcionn."

    Bheadh sin ina mhana oiriúnach do Chríocha Fáil faoi láthair.

    ReplyDelete