08 Samhain 2010

neamúil



Níor chuala mé ach yum yum agus mé ag teacht aníos. Is cosúil go bhfuil nom nom in úsáid (go coitianta?) anois. Deir na Francaigh miam-miam. Deir FGB gurb ionann neam neam agus sweet, titbit. Níl a fhios agam céard go díreach a deir na Gearmánaigh, na Spáinniseoirí, etc., ach bheinn ag súil le rud éigin ar an múnla céanna: __m __m.

Tá sé ar intinn agam feidhm a bhaint as an aidiacht neamúil go rialta feasta. Is maith an focal é. Agus ní gá an cáca milis iomlán a ithe le neamúil a thabhairt air.

5 comments:

  1. Sílim go raibh baint ag an suíomh http://icanhascheezburger.com leis an phrása "nom nom" a scaipeadh. Déantar trácht ar ghriangrafanna do chait le caint pháistiúil air. Tá an-éileamh ar an suíomh agus béarlagair ar leith cruthaithe air.

    Mar shampla: http://icanhascheezburger.com/2007/12/23/funny-pictures-blinds-nom-nom/

    Dála an scéil, tá iógart nua le fáil anseo sa Bhreatain darbh ainm Nom. http://www.nomdairy.co.uk/naturally_creamy.aspx

    ReplyDelete
  2. Rinne mé beagán taighde air. Is cosúil gurb é an Cookie Monster ar Sesame Street a dúirt “om nom nom nom” den chéad uair riamh (ar na mórmheáin ar aon nós). Ag ithe briosca a bhí sé, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  3. Dála an scéil, John, an bhfuil leagan ar leith de seo ag na Breatnaiseoirí?

    ReplyDelete
  4. Rud éigin ana chosúil le "neam neam" atá sa Ghearmáinis, sílim. Beidh orm é chinntiú le mo bhean.

    ReplyDelete
  5. “Ñam ñam” a deir an Spáinniseoir. Níl ach dornán focal a thosaíonn le “ñ” i Spáinnis.

    ReplyDelete