03 Samhain 2010

mucra



Cé a fheiceann tusa sa ghrianghraf seo?
  1. baincéir
  2. CEO (príomhoifigeach feidhmiúcháin)
  3. Zhu Bajie
  4. gnáthshaoránach
  5. Squealer
  6. forbróir eastáit réadaigh
  7. mucachán truamhéalach
  8. Ciacco
  9. __________

8 comments:

  1. Maith agat as na tagairtí cultúrtha. (Ba cheart go n-aithneoinn squealer, ach níor dhein. Glacaim leis go raibh squealers idir dearg agus gorm gnóthach thall inniu?

    ReplyDelete
  2. Maith agat as na tagairtí cultúrtha.

    Bhí sé ar intinn agam ar dtús rud éigin Gaelach a chur ar an liosta, ach chinn mé faoi dheireadh nach raibh aon mhuc mhiotaseolaíoch againn atá sách gránna! Tá Twrch Trwyth ag na Breatnaigh, ach níl ach macalla de againne. Pé scéal é, torc a bhí ann, ní muc.

    ReplyDelete
  3. Tar éis dom an scéal seo a léamh ar bhlag Ormondo, tá mé sásta agus lánsásta Eamon Gilmore a chur ar an liosta mar uimhir a naoi!

    ReplyDelete
  4. Ní déarfainn gur Photoshop é sin

    ReplyDelete
  5. "nach raibh aon mhuc mhiotaseolaíoch againn atá sách gránna"

    Tá Muc Dhubh againn. Muc mhór mhiotaseolaíoch a mharaigh na Fianna ab ea é. Nó draoi a bhí ann, a deirtear.
    Rinne sé scrios ar Thír Fhiachrach go dtí gur chuir Fionn mac Cumhaill deireadh lena slad.

    ReplyDelete
  6. @ 'tá mé sásta agus lánsásta Eamon Gilmore a chur ar an liosta mar uimhir a naoi!'

    ASG! An fear bocht! Bhuel, b'fhéidir nach bhfuil sé bocht...

    ReplyDelete