21 Samhain 2010

mallacht sa chló “miotal trom”



“A Ghearailt gheairr an gháire ghonta - Fásach go
tairseach do gheata - Driseog agus a dá cheann sa
talamh - loch uaine ar uachtar do halla. - Nead
an tseabhaic i bpoll an deataigh - Agus cac na
ngabhar in áit do leapa - Mar do bhain tú dhíom
an Mac is an tAthair - Bhain tú dhíom an dá bhó
dhéag is an tarbh - Agus oidhreacht nár fhaigh d’
oidhrí-se, a Ghearailt.”

Seo thuas “mallacht na baintrí” ar an mbligeard a mharaigh a fear agus a mac agus a ghoid a bólacht. Chuir mé leagan caighdeánaithe faoin leagan a foilsíodh i gcló Figgins (atá inmhéadaithe, mar is iondúil) in Irish Minstrelsy . Sílim go n-oireann an cló don ábhar.

Is fíormhaith liom mionphointe amháin sa mhallacht seo, an “driseog agus a dá cheann sa talamh”. Má bhí ort riamh driseacha a ghlanadh as gort, beidh a fhios agat conas atá siad. Stoitheann tú planda amháin agus faigheann tú amach ansin go bhfuil cúpla ceann de na reathairí fréamhaithe san ithir áit éigin eile.

Dála an scéil, fuair an Gearailteach seo, Gerald Fitzgerald, ísliú céime go tobann ina dhiaidh sin agus bhí sé beo bocht go dtí deireadh a shaoil. Mallacht chumhachtach chuimsitheach a bhí inti!

5 comments:

  1. Is aoibhinn liom an scéal sin

    ReplyDelete
  2. Is breá an mhallacht é, ach is deacair a léamh sa chló úd!

    Go raibh maith agat as ceist na driseoige a fhuascailt dom. (Tá a leithéidí fite fuaite sa tor idir mo ghairdín cúl agus na comharsan. Mheabhraídís scéal an Hiodra dhuit)

    ReplyDelete
  3. deacair a léamh

    Cinnte. Ar mo shonsa de, ní maith liom téacsanna fada a léamh in aon chló Gaelach, toisc nach bhfuil taithí agam orthu. Ach tá feidhm ghrafach eile ann dóibh, i gceannlinte agus i dteidil, ar fhógraí, ar phostaeir, ar leachtanna, agus mar sin de.

    Agus céard faoi ghraifítí?
    ;-)

    ReplyDelete
  4. Níl ach leigheas amháin ar easpa taithí!

    (Fuair mé féin trí imleabhar de shaothar Goethe sa Fraktur ar DM an ceann, leabhair ón 19ú céad - cionn is nach raibh "taithí ag daoine ar Fraktur" dar leis an díoltóir!)

    Aontaím leat maidir leis an úsáid mar mhaisiúchán. Baineann an FAZ úsáid mar é as Fraktur. Ach caolseans go ndéanfaidh Gaelscéal rud ort!


    Níl leagan den cló seo ar fáil don ríomhaire, bhfuil?

    ReplyDelete
  5. Níl leagan den cló seo ar fáil don ríomhaire, bhfuil?

    Níl, go bhfios dom.

    ReplyDelete