24 Samhain 2010

focal deas Éireannach



Thaispeáin mé an pictiúr seo do mo chara Max (Maxime le parisien) ar maidin. Tá neart Béarla aige, agus cuid mhaith Gaeilge, ach níor thuig sé an focal tábhachtach.

“Look it up,” a dúirt mé.
“C’est pas dans le dico.”
“Is focal Éireannach é. Bain triail as Google.”

Fuair sé é faoi dheireadh agus rith sé liom ansin cé chomh Éireannach agus atá gobshite: leath-Ghaeilge (gob), leath-Shacsanach (ach le cor curtha ann), agus lán-Éireannach!

8 comments:

  1. Cár tháinig tú ar an Oirish Star i Seattle?

    ReplyDelete
  2. Fuair mé an pictiúr ar an idirlíon. Ní dóigh liom go bhfuil an nuachtán féin ar fáil anseo.

    ReplyDelete
  3. "Ní dóigh liom go bhfuil an nuachtán féin ar fáil anseo."

    Agus ba chóir é sin a chur san áireamh pé uair a bhíonn na buntáistí a bhaineann le Seattle á bplé!

    ReplyDelete
  4. MMFAG, a Ormono, is a Dennis ach cad is brí leis a Áine?

    ReplyDelete
  5. Níor shíl mé riamh gurb fhocal "Éireannach" a bhí ann, ach go bhfuil sé a úsáid in Éirinn mar fhocail uile an bhéarla:
    Gob = focal Gaeilge ? Sea, ach fós focal canúna Thuaisceart Shasana.

    Tá sé chomh "Gaelach" agus an focal "Gaelach" eile úd "craic"( = cuideachta ) ach gurb focal canúna thuaisceart Shasana é "crack" ( = cuideachta ).

    Cad a dhéarfadh an Ghaeilge muis?#

    Gob i gcac, b'fhéidir.

    Fearn

    ReplyDelete