23 Samhain 2010

“Edna” Kenny



Fuair Enda Kenny bocht athrú gnéis ón New York Times tráthnóna inniu san alt seo:

Edna Kenny, the leader of Fine Gael, accused Mr. Cowen of clinging to power at “all costs.”

Diomaite den tuaiplis / masla (nó focal molta?) sin, bhí an t-alt seo an-úsáideach. Sílim go bhfuil mé bord ar bhord leis na céimeanna is nua sa ghéarchéim anois, agus go mbeidh go ceann ... ummm ... 12 uair an choig ar a laghad, ó tá sé tar éis meán oíche in Éirinn anois díreach.

An mbeadh sé de dhánacht ag pobal na hÉireann, dáiríre píre, droim láimhe a thabhairt don Chomhanach agus dá réiteach leis na boic mhóra san Eoraip agus san IMF?

7 comments:

  1. @ “This is an unholy mess,” Mr. Kenny said in an interview on RTE Television.

    Sin agat é, a Dennis!

    Siad 'uncertainty' agus 'nervousness' na focail chuí ón alt sin, cibé faoi Edna...:-)

    ReplyDelete
  2. “Praiseach neamhnaofa”?

    Maidir le hEnda, is trua nár cuireadh Éanna mar ainm air. Is maith liom an tSean-Ghaeilge, ar ndóigh, agus an Laidin, ach ní dóigh liom gurb é seo an chéad uair a scríobh duine éigin Edna in áit Enda.

    ReplyDelete
  3. 'achrann an diabhail' atá ag De Bhaldraithe ar 'unholy muddle', agus ní dóigh liom go bhfuil locht air sin mar aistriúchán ar a bhfuil ag tarlú!

    Maidir le Enda/Edna, Brian an t-ainm atá ar mo pháirtí, agus is iomaí cuireadh fáighte againn do 'Brain and Áine' - meas tú bhfuil teachtaireacht ansin domsa!!!

    ReplyDelete
  4. Seo a dúradh faoi rialtas na hÉireann: "too many Brians and not enough brains."

    ReplyDelete
  5. Níl an t-ainm Edna ró choitianta anseo, ach tá duine de mo mhuintir leis an ainm agus tugtar Enda uirthi go minic.

    ReplyDelete
  6. Bhuel tá scríbhneoir cáiliúil Edna O'Brien, nach bhfuil? Ní féidir liom smaoineamh áfach ar aon Ednaí eile.

    ReplyDelete
  7. Bhuel, tá Dame Edna Everage ann! Ach is Astrálach í.

    Faighim "Denise" in áit Dennis ó am go ham, agus "Denis" le 'n' amháin sách minic.

    ReplyDelete