11 Samhain 2010

An Cruthú



Bhí beirt ann ar dtús,
an focal agus an neamhfhocal.
“Agus” a bhí ar an bhfocal.
“ ” a bhí ar an neamhfhocal.

Chuaigh Agus i mbun oibre
gan a thuilleadh moille.
Scar sé agus aontaigh sé
gach uair a d'oscail sé a bhéal.

Beag agus mór,
dubh agus bán,
litir agus leathanach,
déanta as an neamhfhocal.

Is é Agus mo laoch,
an scarthóir,
an t-aontóir,
an mheá.

9 comments:

  1. Is maith liom é!

    An cheist chéanna uaimse - an tú a chum?

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agaibh.
    Is mise a chum.

    ReplyDelete
  3. An Cruthú Agus an Chruthaitheacht

    léirithe go paiteanta ansan, A Dhennis.

    ReplyDelete
  4. An-deas, Dennis.
    Chuir sé i gcuimhne dom an dealbh 'Ampersand' a fheictear ón traein i Seattle.

    ReplyDelete
  5. Sampla iontach maith dá bhfuil i gceist sa dán é sin, a Liz. An bhfaca tú an píosa iomlán san Olympic Sculpture Park? Tá boird agus binsí ann, déanta as coincréit, i gcruth na litreacha LOVE LOSS, agus tá an t-amparsan a fheictear ón traein ina sheasamh idir an dá fhocal, ag lonrú le neon dearg agus ag casadh thart. Roy McMakin an t-ealaíontóir.

    ReplyDelete
  6. Dán dialachtaice! Bhaineas an-taitneamh as.

    Tréaslaím leat.

    ReplyDelete
  7. Dán dialachtaice!

    :-) Cad é an Ghaeilge ar dialectical monism?

    ReplyDelete