22 Samhain 2010

cló eile





Seo Cló Figgins á chur i gcóimheas le Cló Gadelica a dhear Séamas Ó Brógáin ± 10 mbliana ó shin. Is dócha go bhfuil Gadelica níos éasca a léamh toisc go bhfuil sé níos cosúile leis “an ngnáth-chló Gaelach” atá le feiceáil fós i leabhartha ón chéad leath den aois seo caite agus a bhfuil cleachtadh againn air. “Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a deir an seanfhocal, agus mura máistreacht a dhéanann sé, compord éigin a chothaíonn sé ar aon nós.

Ach is fíormhaith liom Cló Figgins mar sin féin. Mar a dúirt Dermot McGuinne, údar Irish Type Design, “it represents a sophisticated development in the design of Irish type, for it permitted a degree of experimentation that departs in a bold and striking manner from previous forms.”

Féach ar an dá phíosa clódóireacht thuas gan iarracht a thabhairt ar an téacs a léamh ar chor ar bith. Dhá réimse patrúin atá ann. Cé acu ceann is fearr leat ansin?

4 comments:

  1. Tá siad beagnach mar a chéile ach amháin go bhfuil an tarna cheann níos mó, agus is dócha do roinnt níos éasca a léamh.

    Agus cosúil leis an bhlagmhír roimhré iontach don graffiti. Bheadh tú in ann an scéal a úsáid chomh maith.

    ReplyDelete
  2. Bheadh cló Figgins go breá do mhanaí.


    Ó tharla go raibh an sliocht léite cheana agam bhíos "ar adhastar ag an mbrí"

    ReplyDelete