20 Samhain 2010

athchomhairle an Phápa



Is cosúil go bhfuil a Naofacht tar éis teacht ar athchomhairle faoi na coiscíní faoi dheireadh. Tá lucht troda in aghaidh SEIF ag cur fáilte roimh na hathchomhairle seo, chomh maith le Caitlicí forchéimnitheacha, UNAIDS, agus a lán daoine nach iad.

Agus anois, scéilín grinn (agus fíor). Fiche bliain ó shin bhí cara de mo chuid ar an mbus i San Francisco. Thug sé faoi deara an fógra seo scríofa i gceannlitreacha loma gan mhaisiú:

USA CONDONES!

“U.S.A condones what??” a dúirt sé leis féin, a intinn ag rith ar an iliomad samplaí de mhí-iompar polaitíochta agus eile: “Condones racism? Torture? Child labor?” Ansin chuala sé clic bheag ina intinn. Spáinnis a bhí ann. “Bain úsáid as condaim!”

17 comments:

  1. Níl an rud díreach a scríobh sé léite agam, ach do réir mo thuiscint, níl "athchomhairle" cruinn mar chuir síos air, nach bhfuil ann ach soiléiriú ar an méid a dúirt sé agus a cuireadh as a riocht cheana.

    Maidir le lucht troda in aghaidh SEIF, nuair a bhí an raic ann faoin méid a dúirt sé ar an mbealach chun na hAfraice - nach leigheas iontu féin coiscíní, agus gur féidir leo cuir le scaipeadh an ghalair de bharr "risk displacement" - d'aontaigh na saineolaithe leis!

    Cuireann an argóint mearbhall orm go bhfuil daoine atá mídhílis go hiomlán faoi theagasc na hEaglaise maidir leis an collaíocht a bheith mídhlisteanach lasmuigh den bpósadh, ach go dtugann siad aird ar an teagasc maidir le coiscíní!

    Is maith liom an scéal grinn, dála an scéil.

    ReplyDelete
  2. Nach ndéantar áibhéil mhór ar thionchar an Phápa i gceist na gcoiscíní?

    Níl ann don chuid is mó ach rud siombalach nuair a nochtann an Pápa a thuairim faoin gceist.

    Seans gur lú fós an dúil a bheadh sa Phápa dá gcuireadh sé iachall ar dhaoine na rudaí siúd a úsáid!

    ReplyDelete
  3. Is amhlaidh gur é an dogma nua go bhfuil leigheas gach fabht sna gléasanna céanna, ach ní mian leis an mbunaíocht nua go gcuirfeadh aoinne ina choinne sin.

    Sin toisc an aird mí loighciúil ar an mion-ghné airithe seo de foirceadal i bhfad níos cuimsithí i leith na collaíochta.

    ReplyDelete
  4. 'In his statement, Lombardi insists that Benedict has not changed church teaching on condoms, but rather given papal expression to a position long held by moral theologians and other "ecclesial personalities," including a number of cardinals.

    An gá a thuilleadh a rá.

    Le cuidiú Cé, éisteoidh na hothair leis na dochtúirí, óir is iadsan, is dóigh liom, a bheas ar an eolas faoin dóigh is fearr le dul i ngleic le galair an domhain.

    ReplyDelete
  5. Tá súil agam é: mar is lú idir an méid a deir an Pápa agus a deir na dochtúir, seachas an méid a deir iriseoirí!

    ReplyDelete
  6. dogma nua go bhfuil leigheas gach fabht sna gléasanna céanna

    Ní dóigh liom go gcreideann éinne go bhfuil siad “gan fabht”. Tá rudaí ann, timpeallghearradh agus coiscíní ina measc, a laghdaíonn an ráta ionfhabhtú i bpobail éagsúla mar nach bhfuil aon rud eile ag obair.

    Má tá “dogmaí” ag lucht leighis -- agus is cinnte go mbíonn teoiricí dochta ag dochtúirí ag am ar bith faoi shláinte agus faoi fheidhmiú an choirp -- níl siad inchurtha le dogma na hEaglaise ar chor ar bith. Tá taighde á dhéanamh de shíor i gcúrsaí leighis agus athraíonn “dogmaí” na ndochtúirí go rialta agus go luath. Níl dogmaí na hEaglaise bunaithe ar thaighde ach ar chreideamh. Ní féidir le Pápa a intinn athrú go héasca gan amhras a chur ina údarás. Mar sin is “soiléiriú” a dhéanann sé!

    ReplyDelete
  7. Ní ar lucht leigheas atáim ag trácht in aon chor, ach ar lucht na meáin cumarsáide.

    Mar a dúirt mé, léiríonn na saineolaithe go raibh an cheart ag an bPápa maidir leis an méid a dúirt sé faoin Afraic agus coiscíní

    Ní dhearna an Eaglais aon ráiteas riamh maidir le coiscíní mar chosaint ar ghalar - mar is é teagasc na hEaglaise gurbh san bpósadh dílis amháin atá comhriachtain dlisteanach. Dá gcloífí leis an teagasc sin ní bheadh aon galar tarchurtha tríd comhriachtain ann! Ní hé gnó na hEaglaise comhairle a chuir ar dhaoine conas iarmhairtí iompar, atá de réir an teagasc baolach agus mícheart, a sheachaint.

    Ar a laghad, ní ceist é sin do foirceadal cinnte; ceist eile cad a tharlaíonn sa bhfaoistin.

    ReplyDelete
  8. Is ceann maith é an scéal 'usa condones'.
    Maidir le coiscíní, tá próca lán díobh i mbeagnach gach seomra inár gclinic agus fógra a deir 'Free' air.
    Caithfidh mé a rá gurb iad na drogaí agus an t-ól is cúis leis an Seif go minic. Má tá duine ar meisce, is minic a ndéanann sé rud contúirteach nach ndéantar dá mbeadh sé ina chiall cheart.

    ReplyDelete
  9. Caithfidh mé a rá gurb iad na drogaí agus an t-ól is cúis leis an Seif go minic.

    Gan trácht ar shlad ar na bóthair, foréigin teaghlaigh, srl. Sea, leag tú do mhéar air.

    ReplyDelete
  10. Is tábhachtach é slad ar na bóthair i dtíreacha bochta nach mbíonn fuil ghlan acu. Maidir le foréigin teaghlaigh, b'fhéidir gur cúis annamh é.
    Ar fud an domhan, galar meabhrach, bochtaineacht is anró is cúis le SEIF go minic freisin.

    ReplyDelete
  11. B'fhiú an cheist a chuir (agus ní bheidh freagra simplí air) céard a fhágann daoine spléach ar dhrugaí agus ól

    ReplyDelete
  12. Tá an Mhéide ag cur a ráitis as a riocht, mar is gnách. Le cois sin, ní athraíonn a ráiteas teagasc na hEaglas, mar teagasc na hEaglas nach dtig ó ráitis an Phápa i leabharthaí nó in agallaimh – ní fhoirmíonn siad páirt de Mhagisterium. Tá sé simplí.

    ReplyDelete
  13. Más dóigh gur chuir na meáin a ráiteas as a riocht, ya ain't seen nothin' . Tabhair cuairt ar Le Petit journal. Tá an rud ar fad greannmhar, mar is iondúil, ach má léimeann tú ar aghaidh go dtí 5:51, feicfidh tú an Pápa ag taispeáint dúinn « comment mettre un préservatif » (.i. conas coiscín a chur ort). « Alors placez le préservatif sur le bout du pénis ... oui, bravo ! Travaux pratiques réussis pour le Pape ! »

    ReplyDelete
  14. Is cuma liom faoi aoir - sin cuid den saol.

    An rud nach maith liom ná cás scéalta a bhfuil cuma an chruinneas orthu agus a chuireann daoine ar strae dá bharr.

    Ní thugaim aird ar bith ar aon cheannlíne a deir "Dúirt an Pápa X" seachas mar spreagadh chun dul sa tóir ar céard a dúirt sé, agus i gcén comhthéacs.

    Rud atá furasta go maith i ré seo an idirlín.

    Táim ag súil go mór an leabhar seo a léamh - agus is mó mo spéis san 599 leathanach eile ná sna cas-scéalta faoi choiscíní.

    Dála an scéil, an bhfaca tú gur labhair Edward Green san alt úd faoi "ceartchreideamh na gcoiscín" agus an dris cosain atá ann, ní don chreideamh ach don eolaíocht?

    ReplyDelete
  15. Seo alt iontach ar an ábhar seo:
    http://www.nationalreview.com/articles/253679/deflating-nyt-condom-scoop-george-weigel

    ReplyDelete