16 Samhain 2010

agus?



Is dóigh liom gur “agus” an focal seo thuas, cé nach bhfaca mé an tríú graiféim (grapheme) riamh roimhe. Is cosúil, mar sin féin, gur nod é seo a sheasann do “us”. Tá sé le feiceáil sa leabhar Elements of the Irish Language a foilsíodh i Lováin sa bhliain 1728. Seo é an comhthéacs:



... A Iosa sgaóil manm ó choibhreach
a locht, agus leighis é ó chréachtaibh a ainmhian, ...

Creidim gurb é atá ann ná an litir ‘z’, nach n-úsáidtear i nGaeilge de ghnáth. Is dócha gur baineadh feidhm as an ‘z’ seo, de thaisme nó d'aon uaim, in áit an noid iondúla atá le feiceáil anseo:


4 comments:

  1. Go raibh maith agat, a Dennis. Is aoibhinn liom na blúirí eolais seo uait.

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil sé ait a Dhennis go mbeadh an nod sin in úsáid do 'agus' ach díreach ina dhiadh sin tá "⁊" le feiscint. Cad chuige an t-athrú ó cheann amháin go cheann eile?

    ReplyDelete
  3. Is minic a fheictear leaganacha malartacha den fhocal céanna in aon téacs amháin sna LSS agus sna leabhair chlóite ón 17ú agus ón 18ú céad: leagan amháin atá scríofa amach leis na litreacha uilig, leagan eile a bhfuil nod amháin ann, agus an tríú leagan a bhfuil nod eile ann! Is léir gur thaitin an éagsúlacht leo ... agus mar sin de, etc., 7c., &c.

    ReplyDelete