06 Samhain 2010

ag cur an chloig ar gcúl



Críochnaíonn am coigilte sholas an lae (DST) anocht anseo, seachtain níos déanaí ná in Éirinn. Is cuma. Bíonn an méid céanna solais againn ag an am seo den bhliain (ag brath ar an mbrat scamall) beag beann ar ráiteas an chloig. Tá na hargóintí uilig cloiste agam. Ag deireadh lae, is cosúil go bhfuil DST níos fearr do dhaoine áirithe, níos measa do dhaoine eile, agus gan tábhacht ró-mhór don chuid is mó againn. Saghas féile leathbhliantúil na gclog atá ann, sin an méid: deasghnáth neamhreiligiúnach a mbíonn chuile dhuine páirteach ann, cosúil le hOíche Chinn Bliana. Bhuel, tá rudaí níos measa ann, tar éis an tsaoil.


“Lá deas, ach... meas tú ar chuir mé an clog ró-fhada ar gcúl?”

7 comments:

  1. Bainfidh mé sult as an oíche anocht -- beidh uair sa bhreis agam.
    Ach is fuath liom an lá eile san earrach mar gheall ar an uair a chaillim.

    ReplyDelete
  2. Cluiche nialasach atá ann mar sin féin, muidne ag imirt inár n-aghaidh féin.

    ReplyDelete
  3. Agus cuma níos giorra ar na laethanta toisc go mbíonn sé ina dhubh oíche nuair a fhillim abhaile.

    Is maith liom an clog thuas - an fíor chlog feidhmeach atá ann?

    ReplyDelete
  4. B'fhearr liom nach gcuirfí an clog ar gcúl a thuilleadh. Is cuma liom faoin dorchadas ar maidin. D'fhéadfá dúlagar na dúluachra a mhaolú tríd an solas a bheith ann níos faide amach sa tráthnóna.

    Ta a lán daoine ar aon intinn liom.

    ReplyDelete
  5. an fíor chlog feidhmeach atá ann?

    Photoshop, gan dabht dá laghad. Feicfidh tú é sin má thugann tú suntas do na patrúin a fhrithchaitear ar ghloine an chloig. Fuair mé ó Íomhánna Google é.

    ReplyDelete
  6. @ 'Saghas féile leathbhliantúil na gclog atá ann'

    Cibé rud that makes them tick is dócha...:-)

    ReplyDelete
  7. Ta a lán daoine ar aon intinn liom.

    Agus dhá chat sa teach seo! Ní thuigeann siad nach bhfuil sé a cúig a chlog anois, .i. am dinnéir. Na créatúir.

    ReplyDelete