30 Samhain 2010

meanóra Gaelach & Hannukah


Tosaíonn Hanukkah amárach (1 Nollaig) i mbliana. Ainm eile atá air ná “Féile na Soilse”. Maireann an fhéile ocht lá agus lastar coinneal bhreise gach oíche go dtí go mbíonn ocht gcoinneal lasta, móide an shamash, coinneal ar leith óna lastar na coinnle eile. Mar sin tá áit le haghaidh naoi gcoinneal ar an meanóra, an coinnleoir craobhach a úsáidtear le linn na féile.


leathanach 121

Fuair mé an íomhá seo sa Leabhar Breac, lámhscríbhinn Éireannach ó thús an chúigiú haois déag. Ní meanóra Hanukkah atá sa cheann seo, áfach, ach “meanóra an teampaill” a bhfuil cur síos air sa Bhíobla (Eax. 25:31-40). Níl ach seacht gcraobh ar mheanóra an teampaill. Ní fhaca an scríobhaí Éireannach an meanóra atá i gceist riamh, ar ndóigh, ach seo mar a shamhlaigh sé é.

Tá íomhá níos réadúla de le feiceáil sa Róimh ar Áirse Titus:


Rug na Rómhánaigh leo é nuair a scrios siad Iarúsailéim sa bhliain 70 C.E. Is cuid de stair Israel meanóra an teampaill. Is cuid de bheatha na nGiúdach ar fud an domhain meanóra Fhéile na Soilse.
! חנוכה שמח

28 Samhain 2010

focal nó dhó eile



Téann toscaireacht go dtí an raibí.

“Abair linn i mbeagán focal conas atá cúrsaí.”

“Go maith,” a deir an raibí.

“Ar mhiste leat focal nó dhó eile a rá?”

“Ní go maith,” a fhreagraíonn an raibí.

Aleksander Kwasniewski, iar-uachtarán na Polainne, a d'inis an scéilín seo le cur síos a dhéanamh ar staid a thíre féin. Rinne sé gáire tar éis dó an scéilín a insint, agus ansin dúirt nach raibh sé greannmhar.

26 Samhain 2010

sneachta?



Seo íomhá shatailíte ó Google Maps.
An sneachta atá ann?



Ní hea.
Aolchloch.

Snowcap Limestone Mine san fhásach Mojave i ndeisceart Chaliforna is ea an áit seo. Tá an aolchloch a thagann as chomh fíorghlan agus gur féidir í a úsáid in earraí cogaisíochta. Níl suim ar leith agam in aolchloch, ach is breá liom turasóireacht a dhéanamh le Google Maps, go háirithe ar lá fuar gruama anseo sa tuaisceart. Is mór an spórt é cuairt a thabhairt ar áiteanna iargúlta ón aer agus cúrsaí taistil a chur le chéile... le haghaidh am éigin sa todhchaí.

25 Samhain 2010

Lá an Altaithe



Altú Págánach

I láthair mo mhuintire
siar go dtí tús na beatha,
i bhfianaise na ndéithe
agus na n-aindéithe,
in ómós do fhéile
ollmhór na cruinne,
gabhaim buíochas
roimh mo chuid.

24 Samhain 2010

focal deas Éireannach



Thaispeáin mé an pictiúr seo do mo chara Max (Maxime le parisien) ar maidin. Tá neart Béarla aige, agus cuid mhaith Gaeilge, ach níor thuig sé an focal tábhachtach.

“Look it up,” a dúirt mé.
“C’est pas dans le dico.”
“Is focal Éireannach é. Bain triail as Google.”

Fuair sé é faoi dheireadh agus rith sé liom ansin cé chomh Éireannach agus atá gobshite: leath-Ghaeilge (gob), leath-Shacsanach (ach le cor curtha ann), agus lán-Éireannach!

23 Samhain 2010

“Edna” Kenny



Fuair Enda Kenny bocht athrú gnéis ón New York Times tráthnóna inniu san alt seo:

Edna Kenny, the leader of Fine Gael, accused Mr. Cowen of clinging to power at “all costs.”

Diomaite den tuaiplis / masla (nó focal molta?) sin, bhí an t-alt seo an-úsáideach. Sílim go bhfuil mé bord ar bhord leis na céimeanna is nua sa ghéarchéim anois, agus go mbeidh go ceann ... ummm ... 12 uair an choig ar a laghad, ó tá sé tar éis meán oíche in Éirinn anois díreach.

An mbeadh sé de dhánacht ag pobal na hÉireann, dáiríre píre, droim láimhe a thabhairt don Chomhanach agus dá réiteach leis na boic mhóra san Eoraip agus san IMF?

Slán leis an Euro?



An bhfuil an cheist seo á plé anois in Éirinn?

22 Samhain 2010

sneachta anocht



Thóg mé an grianghraf seo ag 8:30 anocht. Radharc ar an gclos tosaigh atá ann. Tá sé 22F / -6C anois díreach agus deirtear go rachaidh sé síos go -9C oíche amárach.

cló eile





Seo Cló Figgins á chur i gcóimheas le Cló Gadelica a dhear Séamas Ó Brógáin ± 10 mbliana ó shin. Is dócha go bhfuil Gadelica níos éasca a léamh toisc go bhfuil sé níos cosúile leis “an ngnáth-chló Gaelach” atá le feiceáil fós i leabhartha ón chéad leath den aois seo caite agus a bhfuil cleachtadh againn air. “Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a deir an seanfhocal, agus mura máistreacht a dhéanann sé, compord éigin a chothaíonn sé ar aon nós.

Ach is fíormhaith liom Cló Figgins mar sin féin. Mar a dúirt Dermot McGuinne, údar Irish Type Design, “it represents a sophisticated development in the design of Irish type, for it permitted a degree of experimentation that departs in a bold and striking manner from previous forms.”

Féach ar an dá phíosa clódóireacht thuas gan iarracht a thabhairt ar an téacs a léamh ar chor ar bith. Dhá réimse patrúin atá ann. Cé acu ceann is fearr leat ansin?

21 Samhain 2010

mallacht sa chló “miotal trom”



“A Ghearailt gheairr an gháire ghonta - Fásach go
tairseach do gheata - Driseog agus a dá cheann sa
talamh - loch uaine ar uachtar do halla. - Nead
an tseabhaic i bpoll an deataigh - Agus cac na
ngabhar in áit do leapa - Mar do bhain tú dhíom
an Mac is an tAthair - Bhain tú dhíom an dá bhó
dhéag is an tarbh - Agus oidhreacht nár fhaigh d’
oidhrí-se, a Ghearailt.”

Seo thuas “mallacht na baintrí” ar an mbligeard a mharaigh a fear agus a mac agus a ghoid a bólacht. Chuir mé leagan caighdeánaithe faoin leagan a foilsíodh i gcló Figgins (atá inmhéadaithe, mar is iondúil) in Irish Minstrelsy . Sílim go n-oireann an cló don ábhar.

Is fíormhaith liom mionphointe amháin sa mhallacht seo, an “driseog agus a dá cheann sa talamh”. Má bhí ort riamh driseacha a ghlanadh as gort, beidh a fhios agat conas atá siad. Stoitheann tú planda amháin agus faigheann tú amach ansin go bhfuil cúpla ceann de na reathairí fréamhaithe san ithir áit éigin eile.

Dála an scéil, fuair an Gearailteach seo, Gerald Fitzgerald, ísliú céime go tobann ina dhiaidh sin agus bhí sé beo bocht go dtí deireadh a shaoil. Mallacht chumhachtach chuimsitheach a bhí inti!

20 Samhain 2010

athchomhairle an Phápa



Is cosúil go bhfuil a Naofacht tar éis teacht ar athchomhairle faoi na coiscíní faoi dheireadh. Tá lucht troda in aghaidh SEIF ag cur fáilte roimh na hathchomhairle seo, chomh maith le Caitlicí forchéimnitheacha, UNAIDS, agus a lán daoine nach iad.

Agus anois, scéilín grinn (agus fíor). Fiche bliain ó shin bhí cara de mo chuid ar an mbus i San Francisco. Thug sé faoi deara an fógra seo scríofa i gceannlitreacha loma gan mhaisiú:

USA CONDONES!

“U.S.A condones what??” a dúirt sé leis féin, a intinn ag rith ar an iliomad samplaí de mhí-iompar polaitíochta agus eile: “Condones racism? Torture? Child labor?” Ansin chuala sé clic bheag ina intinn. Spáinnis a bhí ann. “Bain úsáid as condaim!”

18 Samhain 2010

trí chló


Ar feadh céad bhliain go leith, 1825 - 1975, bhí trí shaghas cló in úsáid leis an nGaeilge a chlóbhualadh: cló biorach, cló cruinn, agus cló corr (cé nach iad seo na hainmneacha oifigiúla atá orthu). Seo solaoidí díobh. Tig libh cliocáil orthu len iad a mhéadú, mar is iondúil.


Seo sampla den chló biorach, nó Cló Newman, ós é John Henry Newman (nach raibh ina chairdinéal fós) a choimisiúnaigh é sa bhliain 1856. Rinneadh a lán clónna eile ar an múnla seo sna blianta ina dhiaidh sin. Linotype Irish atá sa tsolaoid thuas, le bheith beacht. Is ionann an cló seo agus “cló Gaelach” don chuid is mó againn.



Seo é an cló cruinn, nó Cló Colum Cille, lena ainm ceart a thabhairt air, an t-ainm a bhaist a athair, Colm Ó Lochlainn, air. Tháinig sé ar an saol sa bhliain 1936. Fuair an cló seo inspioráid ón bpeannaireacht i Leabhar Ceanannais, agus freisin ó Chló Petrie a cumadh sa chéad leath den naoú haois déag. Chaith Ó Lochlainn a lán dua leis, ach ní raibh ráchairt riamh air.



Agus seo é an cló corr, cé gurb é Cló Figgins nó Cló Hardiman a thugtar air de ghnáth. Is cosúil gur baineadh feidhm as den chéad uair sa leabhar Rerum Hibernicarum Scriptores (iml.2), cé gur cumadh é deich mbliana roimhe sin. Níor nocht sé ach in aon leabhar amháin eile, Irish Minstrelsy le James Hardiman, a foilsíodh sa bhliain 1831. Beidh níos mó le rá agam faoin gcló seo amach anseo.

Cé acu ceann is fearr leatsa?

17 Samhain 2010

Sugru


Seo gearrthán as an iris Time (22 Samhain):

Cliceáil le méadú.

Is léir ón litriú/fuaimniú Sugru go bhfuair Jane Ní Dhulchaointigh a cuid Gaeilge ón Tuaisceart, go díreach nó go neamhdhíreach. Tá suíomh ag an táirge nua seo anseo.

16 Samhain 2010

agus?



Is dóigh liom gur “agus” an focal seo thuas, cé nach bhfaca mé an tríú graiféim (grapheme) riamh roimhe. Is cosúil, mar sin féin, gur nod é seo a sheasann do “us”. Tá sé le feiceáil sa leabhar Elements of the Irish Language a foilsíodh i Lováin sa bhliain 1728. Seo é an comhthéacs:



... A Iosa sgaóil manm ó choibhreach
a locht, agus leighis é ó chréachtaibh a ainmhian, ...

Creidim gurb é atá ann ná an litir ‘z’, nach n-úsáidtear i nGaeilge de ghnáth. Is dócha gur baineadh feidhm as an ‘z’ seo, de thaisme nó d'aon uaim, in áit an noid iondúla atá le feiceáil anseo:


15 Samhain 2010

fásach mar a mbíodh leabhair


Tá timpeall 79,000 duine ina gcónaí i gCamden, New Jersey. Tá Camden ar cheann de na cathracha is boichte sa tír, le hioncam de $12,000 in aghaidh an duine. Tá ráta coireachta an-ard sa chathair seo freisin.


Tógadh an Camden Public Free Library sa bhliain 1905 le maoiniú ó Andrew Carnegie. Dúnadh an leabharlann seo sa bhliain 1986. Aistríodh na leabhair go foirgneamh eile agus ligeadh don sean-fhoirgneamh nuachlasaiceach titim as a chéile, de cheal airgid len é a athchóiriú.



Agus seo radharc de na crainn atá ag fás i lár na sean-leabharlainne anois. Is fada ó chonaic mé an méid sin siombalachais in aon ghrianghraf amháin. Tig libh bhur léamh féin a bhaint as.

Aguisín: tá na leabharlanna eile sa chathair sin i mbaol a ndúnta faoi dheireadh na bliana seo, ceal airgid.

14 Samhain 2010

exorcist?



Is cosúil go bhfuil easpa sagart sna Stáit Aontaithe a bhfuil na cáilíochtaí atá riachtanach acu le deamhain a dhíbirt. Mar sin bhí 66 shagart agus 56 easpag páirteach i gceardlann dhá lá i mBaltimore (Baile an Tí Móir?) an deireadh seachtaine seo caite leis an gceird sin a fhoghlaim.

Tá go maith agus níl go holc. Ach cad é an Ghaeilge ar exorcist, in ainm Dé? Deir de Bhaldraithe gur cheart dúinn eacsaircistí a thabhairt ar an bhfeidhmeannach seo. Ach níor ghlac Ó Dónaill (FGB) leis an téarma seo. Níl dada le rá ag Pota Focal ná ag focal.ie, cé go bhfuil díbirt deamhan ag focal.ie ar exorcism.

Más fianaise mhaith an méid ainmneacha a bhí ar an exorcist i Sean- agus Meán-Ghaeilge, bhí cleachtóirí na ceirde seo níos coitianta sa mheánaois ná mar atá siad anois: astarceist, esorcist, exarcistid, agus glantaid. Sin nó níl éinne ar aon intinn faoin ainm ceart le míle go leith bliain anuas!

yin agus yang




Tá an yin (dorcha / baineann) pas beag tanaí sa ghrianghraf seo, ach is beag an cat í Molly i gcomórtas lena deartháir.

13 Samhain 2010

nod leat



Ní dóigh liom go gcloistear na focail “nota bene” go minic, agus ní scríobhtar go minic iad ach oiread, ach feictear na litreacha “NB” nó “N. B.” minic go leor. “Tabhair aird ar an rud seo” an chiall atá leo. Ní deir éinne “en bí” ach oiread, ar ndóigh. An rud a chloistear i mBéarla, agus a scríobhtar freisin, ná “note that…”

Is é an leathbhreac Gaeilge de seo “tabhair faoi deara go/nach…” Maith go leor, ach tá sé seo beagáinín foclach i mo thuairimse. Tá rogha eile againn. Bhíodh an abairt “nod leat go/nach…” sách coitianta i nGaeilge Chlasaiceach. Tá sé le fáil fós in FGB, s.v. “nod”, leis an lipéad Lit.

Sílim go bhfuil sé thar am againn feidhm a bhaint as an abairt seo arís, i nGaeilge scríofa ar aon nós. Feicim go bhfuil tús curtha leis an athshlánú ag lucht Vicipéide in dhá alt ar na réaltbhuíonta: An Altóir agus An tAoire. Mar shampla:

“Nod leat go dtugtar an t-ainm céanna ar Gamma Boötis.”

amparsan agus ?



Ampersand an t-ainm atá ar an lógógram idir pay agus display san fhógra seo atá le feiceáil ar fud BÁC. Deir focal.ie gur cheart dúinn amparsan a thabhairt air i nGaeilge. Tá lógógram dár gcuid féin againn, ar ndóigh, atá le feiceáil thuas idir íoc agus taispeáin. Ach cén t-ainm atá air?

Tá an t-ainm ampersand réasúnta nua, dála an scéil. Bhíodh áit ag “&” mar an litir dheireanach den aibítir i scoileanna sa naoú haois déag. Nuair a d'aithrisídís mic léinn an aibítir, deiridís a, b, c, d ... x, y, z, and per se and. Is ó na ceithre fhocal seo ag deireadh na haithrise a tháinig ampersand.

Maidir leis an “amparsan Gaelach”, is nod é a tháinig ón Laidin. Is féidir é a scríobh leis an uimhir “7”, cé go bhfuil áit aige in Unicode ag pointe U+204A. Athraíonn an chuma atá air beagán ó chlófhoireann go clófhoireann: . Ach arís, cén t-ainm atá air?

11 Samhain 2010

An Cruthú



Bhí beirt ann ar dtús,
an focal agus an neamhfhocal.
“Agus” a bhí ar an bhfocal.
“ ” a bhí ar an neamhfhocal.

Chuaigh Agus i mbun oibre
gan a thuilleadh moille.
Scar sé agus aontaigh sé
gach uair a d'oscail sé a bhéal.

Beag agus mór,
dubh agus bán,
litir agus leathanach,
déanta as an neamhfhocal.

Is é Agus mo laoch,
an scarthóir,
an t-aontóir,
an mheá.

Pangur Bán le díol?



Seo dhá leathanach den leabhrán a dtugtar an “Reichenauer Schulheft”, nó “Leabhar Scoile Reichenau” air. Scríobh scoláire Éireannach é go luath sa 9ú haois. An téacs is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an t-aon chóip amháin den dán “Pangur Bán” a tháinig anuas chugainn. Tá sé le feiceáil ag bun an leathanaigh ar clé.

Tá an leabhrán seo i seilbh Stift Sankt Paul, mainistir Bheinidicteach san Ostáir, anois. Tá sé ar intinn acu é a dhíol i Londain, más fíor don scéal seo. Is cosúil go bhfuil an t-airgead ag teastáil ón mainistir.

08 Samhain 2010

ortha na glúine scríobtha



Fuair mé an “ortha” seo in Proceedings of the Society of Antiquaries of Scotland, imleabhar 27. Is ó Shrath Spé sa 19ú haois a tháinig sí:
Gu maith an diugh, ’s fhearr am maireach;
An deigh sin gun dad ach ’n làrach.
Tá sé éasca é a thiontú ó Ghàidhlig go Gaeilge:
Go maith inniu, is fearr amáireach;
Ina dhiaidh sin dada ach an láithreach.
Is ionann an làrach/láithreach agus an áit a raibh an chneá. Gearb nó colm atá i gceist. Rith sé liom go mbeadh an rabhcán seo oiriúnach le haghaidh páistí ar bhain gortú éadrom dóibh. Tá cloch leighis ag teastáil leis an ortha a chur i gcrích i gceart, ach is dócha go bhfuil rud éigin mar sin a dhéanfadh gnó ag chuile thuismitheoir.

neamúil



Níor chuala mé ach yum yum agus mé ag teacht aníos. Is cosúil go bhfuil nom nom in úsáid (go coitianta?) anois. Deir na Francaigh miam-miam. Deir FGB gurb ionann neam neam agus sweet, titbit. Níl a fhios agam céard go díreach a deir na Gearmánaigh, na Spáinniseoirí, etc., ach bheinn ag súil le rud éigin ar an múnla céanna: __m __m.

Tá sé ar intinn agam feidhm a bhaint as an aidiacht neamúil go rialta feasta. Is maith an focal é. Agus ní gá an cáca milis iomlán a ithe le neamúil a thabhairt air.

07 Samhain 2010

amóinít


Tá pictiúr de chlog fíor-aisteach sa bhlagmhír roimhe seo. An rud a chonaic mé ann ar an toirt ná amóinít. शालिग्राम शिला (Shaaligraam Shilaa) a thugtar ar an rud seo san India, mar a n-adhraítear í mar chomhartha de chuid an dé Vishnu. Tá ceann agam a thug cara liom ar ais léi ó Nepal níos mó ná fiche bliain ó shin. Ní adhraím í, ach is seoid bheag í mar sin féin.

Is cosúil go bhfuil amóinítí le fáil in Éirinn freisin, mar a bhfuil, nó a mbíodh, béaloideas ann a cheanglaíonn an “cloch nathrach” le Pádraig Naofa. Seo an méid a scríobh an lia Sasanach Andrew Borde sa bhliain 1542 sa leabhar dar teideal The Fyrste Boke of the Introduction of Knowledge:

I have sene stones the whiche have had the forme and shape of a snake and other venimous wormes. And the people of the countrie sayth that such stones were wormes, and they were turned into stones by the power of God and the prayers of saynt Patrick.

06 Samhain 2010

ag cur an chloig ar gcúl



Críochnaíonn am coigilte sholas an lae (DST) anocht anseo, seachtain níos déanaí ná in Éirinn. Is cuma. Bíonn an méid céanna solais againn ag an am seo den bhliain (ag brath ar an mbrat scamall) beag beann ar ráiteas an chloig. Tá na hargóintí uilig cloiste agam. Ag deireadh lae, is cosúil go bhfuil DST níos fearr do dhaoine áirithe, níos measa do dhaoine eile, agus gan tábhacht ró-mhór don chuid is mó againn. Saghas féile leathbhliantúil na gclog atá ann, sin an méid: deasghnáth neamhreiligiúnach a mbíonn chuile dhuine páirteach ann, cosúil le hOíche Chinn Bliana. Bhuel, tá rudaí níos measa ann, tar éis an tsaoil.


“Lá deas, ach... meas tú ar chuir mé an clog ró-fhada ar gcúl?”

04 Samhain 2010

an torc


Níor mhaith liom an “muc-fhear” i mblagmhír an lae inné a fhágáil libh gan cothrom na Féinne a thabhairt don mhuc! Bhí ard-mheas againn uirthi riamh mar bhia, ar ndóigh. Thairis sin, bhíodh an-ómós don torc allta i measc na gCeilteach mar ainmhí cróga fíochmhar.


Tá dhá thorc ar an íomhá seo de dhia Ceilteach, greanta i ngaineamhchloch, ó Euffigneix sa Fhrainc: an beithíoch álainn ar a thaobh agus torc de chineál eile ar a mhuineál. Is cosúil go raibh draíocht ag baint leis an dá thorc seo, bíodh is go bhfuil sé deacair iad a mhíniú i gceart inniu.


.i. ar gairge
Am torc ar gail.

“Is torc mé ar ghal is ar ghaisce,” a dúirt an draoi Aimhirghin Glúingheal sa dán nó briocht a chan sé díreach tar éis dó cos a chur ar ithir na hÉireann den chéad uair.

03 Samhain 2010

mucra



Cé a fheiceann tusa sa ghrianghraf seo?
  1. baincéir
  2. CEO (príomhoifigeach feidhmiúcháin)
  3. Zhu Bajie
  4. gnáthshaoránach
  5. Squealer
  6. forbróir eastáit réadaigh
  7. mucachán truamhéalach
  8. Ciacco
  9. __________

01 Samhain 2010

colainn gan cheann



Luaigh mé “an tsuim” a bhíodh ag na Sean-Ghaeil i gcloiginn arú inné. Is suimiúil an rud é go raibh sainfhocal acu freisin le haghaidh an ruda a bhí fágtha: méidhe. Tá an focal sin sa teanga fós, ar éigin. Is é sin le rá, tá áit aige in FGB mar fhocal Lit. a chiallaíonn neck; stump of neck, neck of headless body. Bhí an oiread sin suime ag ár sinsir sna cúrsaí seo go raibh focal eile acu ar an rud céanna, cé nár mhair an dara focal go dtí an lá inniu: airsce. Tá an dá fhocal seo le fáil le chéile sa sliocht seo as Togail Bruidne Dá Derga. Bhí Conaire díreach tar éis a cheann a chailliúint agus tá Mac Céacht, an lia, ag friotháil air:

“Doirt Mac Céacht an cuach uisce in airsce agus i méidhe Chonaire.”

in cúach n-usci in n-airsci 7 in méde Conaire

Mar is minic a tharlaíonn sna seanscéalta, bhí cumas cainte i gceann teasctha Chonaire fós:

As·bert a chend Conaire íarum íar tabairt ind usci isin méde:
Maith fer Mac Cécht,
fó fer Mac Cécht,
do·beir digh do rígh
7 do·ní écht.
gluais
as·bert = dúirt
do·beir = tugann
do·ní = déanann

frecraid in méidech

Bhí siad chomh sásta leis an bhfocal méidhe go ndearna siad focal eile as, mar atá méidheach, focal atá in FGB freisin: decapitated person.

Tá na focail thuas, a chiallaíonn “freagraíonn an méidheach”, as duan fiannaíochta, an duan céanna as a dtáinig an pictiúr ag barr na blagmhíre seo. Seo agaibh dá rann as:

Ergit noí colla assin chúil,
assin leith ba nessu dúin,
is nói cind issin leith aile,
forsin cholbo iarnaide.

Éiríonn naoi gcolainn as an gcúinne,
as an taobh ba gaire dúinn,
is naoi cinn sa taobh eile,
ar an gcolbha iarainn.

Tocbait noí ngrecha garba
nir chuibde ciar chomlabra;
frecraid in challech fó sech
7 frecraid in méidech.

Tógann siad naoi scréach garbh
nach raibh binn cé gur chan siad in éineacht;
freagraíonn an chailleach faoi seach
agus freagraíonn an méidheach.