10 Deireadh Fómhair 2010

gorm, glas, uaine?


Leabhar Laighneach 54a 36

Tucait dano cucu a fáinne ... 7 a n-étguda eter chorcair 7 gorm 7 dub 7 úaine, buide 7 brecc 7 lachtna, odor, alad 7 riabach.

Ansin tugann siad chucu a gcuid fáinní ... agus a gcuid éadaí, idir chorcra is gorm is dubh is uaine, buí is breac is lachna, odhar, ballach is riabhach.

Ní luaiter an focal “glas” sa sliocht seo ón Táin, ach bhí sé sa Sean-Ghaeilge freisin. Seo agaibh a bhfuil le rá ag DIL (Foclóir na Sean- agus na Meán-Ghaeilge) faoi roinnt agus úsáid na ndathanna sa teanga anallód. Tá cuid mhaith den mhíniú seo fíor fós, i dteoiric ar aon nós. An fhírinne ná go leanann muid córas an Bhéarla chomh fada agus is féidir. (Ná stopaigí anseo, le bhur dtoil, mar tá ceist thábhachtach agam daoibh ag bun na blagmhíre seo!)

gorm
blue (generally deep-blue, caerulean, as opposed to “glas”)
  • of crystal, metallic sheen
  • often of weapons or armour
  • of sea or water
  • of sky
green
  • of verdure, vegetation; water
dark, swarthy, black

glas
various shades of light green and blue, passing from grass-green to grey, opposed on the one hand to “uaine” and on the other to “gorm”

green or greenish hue
  • of growing things, grass, trees, etc.
blue, greenish blue; greyish blue
  • of the blue dye extracted from woad (hence called “glasen”)
  • of metal
  • of frost or ice
shades of grey

wan (of complexion)

bluish, livid, discoloured

faded (of garments)

úaine
green, verdant
  • of fields, hills, etc.
  • of estuaries, rivers, etc. blue or green
  • in descriptions of people, of the eye
  • of clothes, armour etc.


An cheist anois! Mar a dúirt mé thuas, is dóigh liom go leanann an chuid is mó againn córas an Bhéarla an chuid is mó den am. D'fhoghlaim muid, ar ndóigh, go mbíonn daoine ón Afraic “gorm” de ghnáth, agus go bhfuil dath “glas” ar bhréidín roimh a dhathú. Tá go maith agus níl go holc, ach abraigí liom ...

Cén t-idirdhealú a dhéanann sibh idir “ghlas” agus “uaine”?

Ar chóir dom pictiúir a chur suas le go mbeidh deis agaibh glasuaine a thoghadh i ngach cás?

24 comments:

  1. Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga, don gcuid is mó. i. féar ghlas: solas uaine.

    Gan eolais bhreise "grey" an tuiscint a bheadh agam ar ghlas seachas sin.

    ReplyDelete
  2. Rinne iníon Kevin Scannell taighde ar seo, ach ní cuimhin liom an bhfaca mé na torthaí riamh.

    ReplyDelete
  3. Chonaic, agus seo iad

    Is fearr cuimhne an scamaill ríomhaireachta ná mo chuimhnese!

    ReplyDelete
  4. Tá plé ar seo ag Guy Deutscher san leabhar is nua aige - Through the Language Glass: How Words Colour Your World

    ReplyDelete
  5. Ann an Gàidhlig na h-Alba:
    Faodaidh a' mhuir a bhith "glas" no "gorm", ach chan faod "uaine".
    "uaine", seo dath deàrsach, soilleir, sorcha, gu tric rudeigin mi-nàdurrach, no mar a chanas iad: "uaine nimheil".
    Ann an nàdur, seo an diofar, gu bheil "gorm" dorcha, agus "glas" nas soilleire no aotrom.

    ReplyDelete
  6. Níor tháinig mé ar idirdhealú cruinn idir "glas" agus "uaine" go dtí seo ach d'fheictí dom riamh, is dócha, gurbh é "glas" dath an nádúir agus "uaine" dath na ruaime.

    Caithfí cuimhneamh air, déarfainn, nach bhfuil nó nach raibh riamh raon leathan dathanna i dtíortha dúchais na nGael. Taitníonn míniúchán de chuid Mona liom dá bharr. Agus tagann sé leis an méid a léitear sna sean-leabhair.

    ReplyDelete
  7. @ Eoin

    An leabhar sin le Deutscher a spreag an bhlagmhír seo! Tá mé leath bealaigh tríd anois. Tá fotheideal eile ar an eagrán Meiriceánach: Why the World Looks Different in Other Languages. Thosaigh mé leabhar nua eile ag an am céanna: The Last Speakers le K. David Harrison. Níl a fhios agam fós an bhfuil mórán le rá aige faoi dhathanna, ach is léir go bhfuil an-suim aige i rudaí mar seo.

    ReplyDelete
  8. Níl mórán sa bhreis le cur agam leis an bplé seo seachas le rá go bhfuilim ar aon intinn le hAonghus .i. "Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga"

    Bhíos ag cluiche tráth le múinteoir scoile, bhí Contae Shligigh ag imirt in aghaidh Contae na Gaillimhe. Craobh Connacht a bhí ann agus bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh mar sin bhí laghdú ar ár spéis sa chluiche de réir a chéile.
    Dúirt an múinteoir liom, "Nach aoibhinn na cnoic uaine siúd uainn? Ar a laghad tá siad againn fós" ag breathnú dó i dtreo Binn Ghulbain agus na sléibhte sin máguaird.

    Nár chóir "glas" a thabhairt orthu a cheistigh mé.
    "Is uaine an ráille lasmuigh dínn, ach is glas na cnoic, nach ea?"

    "Ní hea!" ar seisean

    Má thagann tú ar fhreagra ceart ba mhaith liom é a chloisteáil.

    ReplyDelete
  9. @ Aonghus, Mona, Ormondo:

    Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga

    Sin é an míniú a chuala mé riamh freisin, agus bainim úsáid as i mo chuid Gaeilge den chuid is mó. Idirdhealú sothuigthe atá ann: níl HSB (hue, saturation, brightness) .i. lí, sáithiú, gile, i gceist ach paraiméadar eile nach bhfuil aon baint aige le cairt na ndathanna: nádúrtha vs. saorga. Níl le déanamh ach an cheist seo a chur ort féin: “Ar tháinig an dath seo ó phéint /ruaim?”

    Is maith liom an teoiric seo, ach san am céanna níl mé sásta léi go huile is go hiomlán. Feictear dom go bhfuil a lán lán eisceachtaí ann. Uaireanta b'fhearr liom “glas” a chur ar rud péinteáilte agus “uaine” a chur ar dhuilleog atá chomh lonrach le píosa plaistigh.

    ReplyDelete
  10. Má thagann tú ar fhreagra ceart ba mhaith liom é a chloisteáil.

    Má tá an t-am le spáráil agat, bain triail as Nua-Chorpas na hÉireann. Tig leat an corpas a chuardach le “uaine” le fáil amach conas a d'úsáid scríbhneoirí éagsúla é. Tugtar liosta de chomhlogaíochtaí na haidíochta sin freisin.

    ReplyDelete
  11. Bíonn na cnoc glas i gcónaí i nGaillimh!

    Cuirfidh mé ceist, a Dennis, ach i mo chloigeannsa feicim glas mar 'green', agus uaine mar 'grey', ach sin mo chloigeannsa!

    ReplyDelete
  12. Chan eil mi buileach cinnteach gu bheil e cho simplidh ri "Glas ar rudaí nádúrtha, uaine ar rudaí saorga".
    Bha mi an comhnaidh a' smaoineachadh a bheil e co-cheangailte le hue/saturation/brightness, ach an-diugh ann an Gàidhlig na h-Alba tha a h-uile rud gu math troimhe-chèile, agus gu h-àraidh na daoine a thogadh le Beurla a' cleachdadh concepts às a' chànan sin, agus saoilidh mi gu bheil ciall eadar-dhealaichte air "gorm" is "glas" anns na dual-chainntean eadar-dhealaichte cuideachd.

    ReplyDelete
  13. tha a h-uile rud gu math troimhe-chèile

    Feictear dom go bhfuil coimhlint ann fós idir chúpla córas éagsúil maidir le hainmneacha na ndathanna. De réir na dteangeolaithe atá tar éis a lán taighde a dhéanamh ar an gceist seo, tá teangacha ann nach bhfuil ach trí théarma acu:

    a) focal a chiallaíonn “dubh” agus chuile dhath dorcha eile, mar atá gorm, dúghorm, donn, odhar, etc. (Is iarsma den chóras seo na “daoine gorma” ó na críocha ó dheas, gan dabht.)

    b) focal a chiallaíonn “bán” agus chuile dhath geal eile, mar atá buí, liathghlas, liathbhán, etc.

    c) focal a chiallaíonn “dearg” agus chuile dhath eile a bhfuil rian de dhearg ann, mar atá rua, corcra, oráiste, etc.

    Má bhíonn an ceathrú téarma ag teanga, is “buí” de ghnáth é, nó “glas/uaine” uaireanta. Tagann “gorm” ina ndiaidh seo, agus ansin na dathanna eile a bhfuil ainmneacha againn orthu.

    Is cosúil nach raibh fadhb againn riamh, mar Ghaeil, le dubh, bán, dearg, is buí. Is é an téarma nua “glas/uaine” a chuir an phraiseach ar fud na mias, agus céard a rinne “gorm” ina dhiaidh sin ach a ladar féin a chur sna miasa céanna!

    ReplyDelete
  14. An-spéisiúil go deo. Agus cé nach bhfuil freagra dá laghad agam ar an gceist ildaite seo, caithim a rá gur deas an rud é bhur dtuairimí ar fad a léamh, agus go háirithe Gaidhlig na h-Alba a fheiceáil anseo.

    Ach sin ráite, níor chóir go mbeadh cead ag éinne cur leis an mblagmhír seo. Nach "faoi ghlas" atá sé? ;)

    ReplyDelete
  15. Bhí, John, ach ansin cuireadh glasnost i bhfeidhm...

    ReplyDelete
  16. Dar liom féin d’fhéadfadh planda a bheith ‘glas’ nó ‘uaithne’ ach chaithfeadh carr a bheith ‘uaithne’.

    ReplyDelete
  17. Chuaigh mé chuig Nua-Chorpas na hÉireann agus rinne mé cuardach leis an téarma ilfhoclach “carr glas”. Fuair mé sampla amháin, ó Oghma 2. Níl a fhios agam cér scríobh é, áfach.

    “Deirtear gur tharla rud. Timpiste bhóthair abair. Iarrtar ar na finnéithe tuairisc a thabhairt. Bhuail carr dearg in éadan an chairr ghlais. Ní hea a deir an dara duine is é an Tirolia a leag an rothaí ar dtús. Ní hea ar chor ar bith arsa an tríú duine ach ba léir go raibh tiománaí an Siesta ina chodladh.”

    “Carr uaine” a déarfainn freisin.

    ReplyDelete
  18. Ní mise a rinne an taighde ar an gceist seo - m'iníon a bhí ann! Seo daoibh an tuairisc a scríobh sí:
    http://borel.slu.edu/colors/report.html, agus na mionsonraí Gaeilge:
    http://borel.slu.edu/colors/irish.html.

    ReplyDelete
  19. Sin a dúirt mé.

    Maith agat as an nasc. Sílim ámh go bhfuil lúb ar lár san téis: bheadh níos mó na teanga amháin (agus Béarla ina measc) ag cách a rinne an triail. Rud a bheadh éifeacht aige ar an dtoradh.

    ReplyDelete
  20. Suimiúil. Go raibh maith agat, a Dennis.

    Seo mo thuiscint, gan taighde déanta agam ar an ábhar ach amháin leis an Dómhnallach, go bhfuil an dá rud ann: an carr glas, is 'grey' atá sé, (ach gruaig liath!), agus 'is glas iad na cnoic', atá 'green'.

    Seans gur saorga -v- nádúrtha atá i gceist, in amanna, cé gur léir go mbíonn eisceachtaí ann! Cá mbeadh muid gan iad...

    ReplyDelete
  21. Bíonn ainmhithe glas (nó grey) agus nuair atá sé ceomhar/fliuch nach mbíonn an aimsir glas

    ReplyDelete
  22. Nuair a bhí mé ar scoil bhí cúntóir teanga againn ó Bhriotáin. Bhí giota den Bhrezhoneg aici. D'inis sí domh go bhfuil an focal 'glas' acu atá idir 'blue, green, grey'. An dath a bhíonn ar rudaí nádúrtha a dúirt sí - ach ní hé gur ar rudaí nádúrtha amháin.

    Is féidir leis an spéir a bheith glas, le cloch a bheith glas, an fharraige a bheith glas. Ach cha dúirt nach dtig le rudaí neamh-mheasartha a bheith 'glas'. Dúirt sí go bhfuil 'dath' acu don 'green' nach bhfaightear sa nádúr go minic. 'Artifical' a dúirt sí. Ach arís, ní hé nach bhfuil sé le fáil ann.

    Ba thiar in 1990í a bhí sí in Éirinn linn. Ach ba shuimiúil an rud a phlé leis na Briotánaigh!

    ReplyDelete
  23. ...Ach cha dúirt nach dtig le rudaí ""neamh-nádúrtha"" a bheith 'glas'. ...

    ...GML ró-cheartaigh Gaelspell liom ansin!

    ReplyDelete