
Níl a fhios agam cén t-ainm atá ar an bplanda seo. Fuair mé é ag fás i measc na fiaile cois an chosáin an lá cheana. Ghearr mé gas de toisc gur thaitin dath na mbláthanna liom: buí atá ag éirí donn. Seo é dath an fhómhair domsa.
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
Tá an dath sin go hálainn
ReplyDeleteGaol leis an ghéineas Ranunculus é.
ReplyDeleteFearbán de shaghas éigin atá ann.
Cuma álainn air ar aon chaoi.
B'fhéidir gur franclus í (Béarla: Tansy, Speiceas: Tanacetum Vulgare). Níl mé cinnte. Níos mó eolais anseo. Deir sé gur fiaile dhíobhálach é. :) Sílim go bhfuil sí deas.
ReplyDeleteFeictear dom go bhfuil an ceart agat, a Sheáin. Is cosúil go mbaintí úsáid as an bhfranclus in a lán dóigheanna sa sean-am, bíodh go bhfuil - nó toisc go bhfuil - sé nimhiúil. Tá alt fada faoi ag Wikipedia. (Féach fonóta #12.)
ReplyDeleteTá boladh géar ag Tansy, agus tá an planda coitianta san bolaí seo.
ReplyDelete