18 Deireadh Fómhair 2010

dath an fhómhair



Níl a fhios agam cén t-ainm atá ar an bplanda seo. Fuair mé é ag fás i measc na fiaile cois an chosáin an lá cheana. Ghearr mé gas de toisc gur thaitin dath na mbláthanna liom: buí atá ag éirí donn. Seo é dath an fhómhair domsa.

5 comments:

  1. Gaol leis an ghéineas Ranunculus é.
    Fearbán de shaghas éigin atá ann.

    Cuma álainn air ar aon chaoi.

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir gur franclus í (Béarla: Tansy, Speiceas: Tanacetum Vulgare). Níl mé cinnte. Níos mó eolais anseo. Deir sé gur fiaile dhíobhálach é. :) Sílim go bhfuil sí deas.

    ReplyDelete
  3. Feictear dom go bhfuil an ceart agat, a Sheáin. Is cosúil go mbaintí úsáid as an bhfranclus in a lán dóigheanna sa sean-am, bíodh go bhfuil - nó toisc go bhfuil - sé nimhiúil. Tá alt fada faoi ag Wikipedia. (Féach fonóta #12.)

    ReplyDelete
  4. Tá boladh géar ag Tansy, agus tá an planda coitianta san bolaí seo.

    ReplyDelete